Céard faoi oideachas agus cúram leanaí?

Tá ardchaighdeán oideachais in Éirinn agus tá formhór na scoileanna saor suas go dtí 18 mbliana d’aois. Soláthraíonn an rialtas oideachas réamhscoile saor in aisce ar feadh dhá bhliain, chomh maith le fóirdheontas chun cabhrú le tuismitheoirí íoc as cúram leanaí. Tá raon roghanna ann don bhunoideachas agus don iar-bhunoideachas, lena n-áirítear scoileanna il-sainchreidmheacha faoi stiúir an Stáit; scoileanna a reáchtálann oird reiligiúnacha éagsúla; agus scoileanna príobháideacha táille. Cuimsíonn earnáil an oideachais tríú leibhéal ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta agus coláistí oideachais. Ní bhíonn ar fhormhór na mac léinn fochéime a fhreastalaíonn ar chúrsaí tríú leibhéal atá maoinithe go poiblí táillí teagaisc a íoc.

Do theaghlach agus na seirbhísí sláinte

I bhformhór na gcásanna, tá ospidéil agus seirbhísí cúraim sláinte na hÉireann maoinithe go poiblí agus mar sin saor in aisce. Cosnaíonn cuairt chuig an dochtúir teaghlaigh €60 ar an meán in aghaidh na cuairte. Tá sé saor in aisce leanaí faoi ocht mbliana d’aois a thabhairt. D’fhéadfá a bheith incháilithe do Chárta Leighis nó Cárta Dochtúra Teaghlaigh, rud a thugann teidlíocht duit do chúram leighis saor in aisce. Faoin Scéim Íocaíochta Drugaí, ní gá duit féin agus do theaghlach ach uasmhéid de €80 in aghaidh na míosa a íoc as drugaí agus cógais ordaithe formheasta. Is rogha é árachas leighis príobháideach freisin.

Is mór liom mo pheata – an féidir liom an peata a thabhairt go hÉirinn?

Chun cosc ​​a chur ar chonfadh nó galair eile thabhairt isteach go hÉirinn, ní mór peataí a iompórtáil faoi rialuithe dochta. Chun iompar sábháilte peataí a éascú, ceadaíonn scéim an AE um Phasanna do Pheataí do chait, do mhadraí agus d’fhiréid taisteal idir na Ballstáit agus na tíortha a ghlacann páirt ann. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo