- ár seirbhísí a phleanáil agus a sholáthar bunaithe ar riachtanais ar leith daoine i ngach limistéar
- an bealach a chuirtear na seirbhísí seo ar fáil agus a ghlacann daoine le freagracht astu a fheabhsú
- na cinntí a dhéantar go háitiúil a neartú trína chur ar chumas réigiún a gcúram féin a phleanáil, a bhainistiú agus a sholáthar
- caighdeán comhsheasmhach cúraim a sholáthar fud fad na tíre, agus freagracht á cur ar Ionad FSS as caighdeáin ar fud na réigiún a chinntiú
Tá a mbuiséad agus a bhfoireann ceannaireachta féin ag gach réigiún agus tá freagracht orthu as na cinntí a dhéantar go háitiúil. Leanann siad ag obair i dtreo bhaint amach chuspóirí Sláintecare – an cúram ceart a sholáthar san áit cheart, ag an am ceart.
Imríonn luacha FSS – Cúram, Atrua, Iontaoibh agus Foghlaim – tionchar ar gach rud a dhéantar sna Réigiúin Sláinte. Spreagtar i ngach Réigiún Sláinte FSS cultúr ina gcloíonn an fhoireann go léir leis na luachanna seo gach lá, de réir mar a idirghníomhaíonn agus a dhéileálann siad le comhghleacaithe agus le baill den phobal.