Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil

Bíonn Altraí Cláraithe d’othair faoi Mhíchumas Intleachtúil ag obair chun riachtanais fhisiciúla, síceolaíochta, mhothúchánacha, spioradálta agus shóisialta daoine atá faoi mhíchumas intleachtúil a chur chun tosaigh i ngach aoisghrúpa.

Is é an meon atá mar bhonn faoin gcleachtas san Altranas d’othair faoi Mhíchumas Intleachtúil ná an tacaíocht agus cúram duinelárnach, cur chuige ina léirítear urraim agus meas ar chothroime agus ar chearta an duine.

Bíonn altraí d’othair faoi Mhíchumas Intleachtúil ag obair le leanaí, déagóirí, daoine fásta agus le teaghlaigh na ndaoine sin.

Gné lárnach d’iarrachtaí chun cur le leas agus forbairt iomlán a n-othar atá i gcur chuige comhbhách na n-altraí, iad dírithe ar an othar.

Is iad seo a leanas cuid de na dualgais a bhíonn le comhlíonadh ag Altra Cláraithe d’othair faoi Mhíchumas Intleachtúil: 

  • Measúnuithe cuimsitheacha a dhéanamh chun riachtanais shonracha agus cumas daoine faoi mhíchumas intleachtúil a mheas.
  • Pleananna cúraim saincheaptha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de réir mar a theastóidh do riachtanais áirithe gach othair.
  • Gach gné de bhainistiú cógais.
  • Cóireálacha a dhéanamh agus teiripí a sholáthar de réir mar a theastaíonn ó úsáideoir na seirbhíse agus monatóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht siúd.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar riochtaí sláinte úsáideoir na seirbhíse, ar dhul chun cinn agus ar aon athruithe in iompar nó siomptóim an duine agus taifead a choinneáil de na nithe sin ar fad.
  • Tacaíocht leanúnach mhothúchánach agus síceolaíochta a thabhairt d’úsáideoirí na seirbhíse agus dá dteaghlach.
  • Idirghabhálacha oiriúnacha altranais a thairiscint bunaithe ar riachtanais áirithe úsáideoir na seirbhíse.
  • Obair a dhéanamh i gcomhar le foireann cúraim sláinte ildisciplíneach, lena n-áirítear dochtúirí, síceolaithe, oibrithe sóisialta agus teiripeoirí saothair.
  • Oideachas sláinte a chur chun cinn agus roghanna sláintiúla maireachtála a mholadh d’othair.
  • Cuidiú le hothair teacht ar acmhainní pobail, seirbhísí agus gníomhaíochtaí sóisialta.
  • Gníomhú mar urlabhraí ar son daoine a úsáideann an tseirbhís nuair is cuí.
  • Tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil leanúnach a bhaineann le do réimse cleachtais féin, le riachtanais úsáideoirí na seirbhíse agus le haon fhorbairtí nua sa chúram agus sa chóireáil don té atá faoi mhíchumas intleachtúil.
  • An cumas cásanna éigeandála a aithint agus cúram agus tacaíocht altranais láithreach a chur ar fáil de réir mar is gá.
  • Timpeallacht a chothú a bheidh sábháilte agus ionchuimsitheach, ina mbeidh tacaíocht le fáil, agus ina gcuirfear chun tosaigh folláine agus forbairt iomlán úsáideoirí na seirbhíse.

Scileanna riachtanacha:

Ba chóir d’altraí réimse leathan scileanna a bheith acu, scileanna iontacha cumarsáide san áireamh le go mbeidh siad in ann an chumarsáid a chur in oiriúint do riachtanais gach aon duine a úsáideann an tseirbhís. Ba chóir go mbeadh éirim mhothúchánach in altraí agus an cumas iontu ionbhá agus tuiscint a léiriú. Seo cuid de na scileanna riachtanacha:

  • An cumas idirghabhálacha teiripeacha duinelárnacha a chur ar fáil chun tacú le húsáideoirí na seirbhíse ina saol laethúil.
  • An cumas gach gné de mheasúnuithe altranais a chur i gcrích, lena n-áirítear folláine coirp, pleanáil cúraim, measúnú riosca agus pleanáil sábháilteachta.
  • Scileanna maithe eagrúcháin agus smaointeoireachta criticiúla, scileanna a thacaíonn le cinnteoireacht fheasach.
  • Scileanna iontacha cumarsáide agus an cumas plé le daoine a úsáideann an tseirbhís agus a dteaghlach.
  • An cumas obair a dhéanamh i gcomhar le daoine eile ar an bhfoireann ildisciplíneach.
  • An cumas chun freagairt go gairmiúil do chásanna éigeandála.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar an Tairseach Gairmeacha