An bhfuil sé éasca taisteal timpeall na hÉireann?

Tá naisc iompair phoiblí iontacha ag Éirinn chun go mbainfidh tú amach an áit is gá duit dul. Maidir le taisteal in Éirinn, tá cathracha agus bailte móra na hÉireann nasctha le busanna agus traenacha idirchathrach. I mbailte agus sráidbhailte níos lú, tá Nasc Áitiúil ina líonra de sheirbhísí bus inacmhainne. Tá gréasán mótarbhealaí ardchaighdeáin ann freisin a nascann cathracha móra agus bailte móra. D’fhéadfadh eitiltí inmheánacha a bheith ar fáil freisin.

An féidir liom tiomáint in Éirinn le mo cheadúnas reatha?

Chun tiomáint in Éirinn, ní mór ceadúnas tiomána bailí a bheith agat, ní mór cáin a íoc ar d’fheithicil go bliantúil agus ní mór árachas a bheith agat. Aithnítear ceadúnais tiomána iomlána ó bhallstáit eile an AE agus ó roinnt tíortha eile lena n-úsáid in Éirinn. Chun sonraí iomlána a fháil cliceáil anseo

Ticéid costais laghdaithe bus agus iarnróid

Fágann ticéid Coigilteora Cánach go bhfuil sé níos saoire do dhaoine iompar poiblí a úsáid. Baintear costas do thicéid bhliantúil go díreach ó do thuarastal, agus is féidir coigilteas ollmhór idir 28.5% agus 52% a bhaint as an ngnáthphraghas, ag brath ar chineál an ticéid agus ar do bhanda cánach. Faigh tuilleadh eolais anseo

Rothaíocht chun na hoibre agus airgead a shábháil

Trí úsáid a bhaint as an scéim Rothaíochta chun na hOibre, is féidir leat rothar nua agus trealamh sábháilteachta ar fiú suas le €1,250 é a fháil le haghaidh gnáthrothair, agus suas le €1,500 ar rothar leictreach. Clúdaíonn an scéim do rothar agus do threalamh nua, ionas gur féidir leat taisteal ar do sháimhín só agus suas le 52% de phraghas miondíola an rothair agus an trealaimh a shábháil. Aisíocann tú praghas laghdaithe an rothair ina thráthchodanna trí do thuarastal. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.