Altraspeisialtóir is ea Altra Cláraithe Míchumais Intleachtúil (RNID) a oibríonn laistigh den mhúnla sóisialta míchumais, a thacaíonn le daoine faoi míchumas intleachtúil saol neamhspleách lán sásaimh a bheith acu. Soláthraíonn RNIDanna cúram duine le duine iomlánaíoch atá dírithe ar an duine agus a fhreagraíonn do na riachtanais ar leith atá ag gach duine ar feadh a saoil.
Tá tógáil caidrimh fhónta iontaofa le daoine agus lena dteaghlach nó lena gcúramóirí i gcroílár ról an RNID. Tógtar an caidreamh sin ar na prionsabail a leanas: cearta an duine; dínit; comhionannas; ionchuimsitheacht; abhcóideacht; cumasú agus cosaint; tacú le maireachtáil neamhspleách.
Tá roinnt conairí iontrála ann do ghairm mar RNID:
- Fochéim BSc san Altranas Míchumais Intleachtúil – cúrsaí faofa
- Soláthraíonn Céimeanna Tríú Leibhéil conair réidh ón gcóras breisoideachais go dtí an córas ardoideachais
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Tairseach Gairmeacha.