Bunaítear altranas othar faoi mhíchumas intleachtúil ar na prionsabail seo a leanas: cearta daonna, comhionannas, duinelárnacht agus cumasú.
Buntacaíonn na prionsabail seo le neamhspleáchas, rannpháirtíocht ghníomhach, uileghabhálacht don duine agus le beatha, sláinte agus cúram sóisialta ardchaighdeáin a chur ar fáil. Comhoibríonn Altraí Cláraithe Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil leis an duine atá faoi mhíchumas intleachtúil, lena dteaghlach, lena n-ionadaithe agus le baill na bhfoirne ilghairmí agus ilghníomhaireachta lena chur ar chumas an duine maireachtáil ina bpobal.
Forbraíonn Altraí Cláraithe Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil na luachanna, na meonta, an t-eolas, na scileanna agus an iompraíocht riachtanach le daoine atá faoi mhíchumas intleachtúil a éascú agus a chumasú a gcearta daonna a chur chun feidhme, cinntí feasacha a dhéanamh agus páirt a ghlacadh ina bpobail.