Ár nDaoine i Seirbhísí CAMHS

5 Nóiméad le Catherine Healy, Teiripeoir Saothair

Cén chaoi a dtosaíonn tú do lá?

Is iondúil go dtagaim chuig an gclinic agus go seiceálaim mo chuid ríomhphoist/teachtaireachtaí agus m’fhéilire do na laethanta amach romham. D’fhéadfainn a bheith i mbun comhfhreagrais le comhghleacaithe nó i mbun pleanála ar feadh 10 nóiméad nó uair an chloig nó dhá uair an chloig. Ar laethanta eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh orm dul go díreach chuig cruinniú baile nó scoile nó pobail.

Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.

I measc fhoirne ildisciplíneacha CAMHS tá foirne síciatrachta, altranais, oibre sóisialta, síceolaíochta, teiripe urlabhra agus teanga agus foireann altranais.  Ní hamháin go bhfuil sé riachtanach tuiscint a bheith againn ar ár ról aonair féin ach ar róil a chéile freisin le bheith ag obair le chéile go héifeachtach mar fhoireann. Dá fheabhas a oibrímid le chéile mar fhoireann is ea is fearr a bhímid in ann pleanáil chuimsitheach cúraim a dhéanamh do na teaghlaigh a n-oibrímid leo. Tá gnáth fhreagrachtaí ar an bhfoireann go léir (cosúil le triáiseáil daoine atreoraithe agus measúnuithe iontrála tosaigh). Is minic a dhéanann baill foirne éascaíocht ar mhic léinn ollscoile atá ar socrúchán agus cuireann a leithéid de mhic léinn le héagsúlacht na foirne, le taighde nua agus le fuinneamh. Is mór an sásamh é nuair a thosaíonn iar-mhic léinn ag obair in CAMHS.

 Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre agat?

Tá éagsúlacht mhór san obair. Ní mar a chéile aon dá lá. Is ról nua é an Teiripeoir-Speisialtóir Cliniciúil Saothair in CAMHS agus tá obair chliniciúil, oideachas agus oiliúint, agus obair thaighde ag baint leis. Is éard atá i gceist le hobair CAMHS ná a bheith ag obair le teaghlach ar feadh tréimhsí chomh gearr le 3 seachtaine suas go roinnt blianta. Ní mar a chéile riachtanais aon dá theaghlach. D’fhéadfadh sé go bhfágfaidís cúram agus go bhfillfidís air roinnt uaireanta. Tugtar obair chliniciúil ar obair den sórt sin. Oibrím féin le leanaí agus le daoine óga ina n-aonar agus ina ngrúpaí. Cuirim teiripe bhríoch ghníomhaíocht-bhunaithe ar fáil atá deartha le rannpháirtíocht an linbh/an duine óig a chur chun cinn sa saol sa bhaile, ar scoil, san obair, i suíomhanna fóillíochta/súgartha agus i ngníomhaíochtaí pobail. Chuige sin, ní mór dom a bheith in ann fadhbanna a réiteach agus a bheith seiftiúil, cruthaitheach. I ndeireadh na dála, táim ag obair i gcomhar leis an teaghlach, leis an scoil agus, uaireanta, le seirbhísí óige.

Céard a spreagann thú i do chuid oibre?

Bím i dteagmháil rialta le mo chuid comhghleacaithe teiripe saothair in CAMHS agus sa tSeirbhís Meabhairshláinte d’Aosaigh. Spreagann siad mé i mo chuid oibre féin. Bíonn aiseolas ó na teaghlaigh in CAMHS cabhrach i gcónaí agus is mór an t-údar misnigh é. Mar shampla, a chloisteáil ó dhuine óg agus óna mháthair go bhfuil siad buíoch as an tacaíocht a fuair siad ó CAMHS – agus scéala a fháil go bhfuil an duine óg fós ag freastal ar scoil agus ag baint taitneamh aisti, agus go bhfuil sé tar éis filleadh ar chaithimh aimsire.

Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?

Is mór an fhreagracht agus an phribhléid é a bheith ag obair le teaghlaigh atá ag brácáil leis an saol – ag cabhrú le leanaí agus le daoine óga ag céim luath dá saol agus eispéireas maith a thabhairt dóibh nuair a bhíonn cabhair á lorg acu nó ag teastáil uathu. Is maith liom a bheith ag obair le mo chuid comhghleacaithe agus le seirbhísí eile, muid go léir ag cur le chéile le pleanáil éifeachtach cúraim a chinntiú do theaghlaigh. Is breá liom go háirithe éascaíocht a dhéanamh ar ghrúpobair theiripeach do dhaoine óga, áit a bhfoghlaimíonn na daoine óga scileanna saoil trí eispéiris chomhroinnte nua. Bíonn dúshláin le sárú agus deiseanna foghlama le tapú i gcónaí, agus ar an ábhar sin tá mé ag tnúth go mór ábhar taighde a roghnú do mo Mháistreacht Thaighde, a mbeidh CAMHS ag íoc aisti.    

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS?

Má tá spéis agat tionchar fiúntach a imirt ar shaol leanaí agus daoine óga, agus fonn ort tacú le folláine teaghlach, ba cheart duit smaoineamh ar CAMHS. Coinnigh i gcuimhne go gcabhróidh idir theoiric, eolas agus do thaithí saoil féin leat i do chuid oibre.  Tacaíonn lucht bainistíochta CAMHS le forbairt ball foirne trí phleanáil forbartha gairmiúla agus trí ghnóthachtáil feidhmíochta. Beidh deiseanna agat le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm freisin.