Ár nDaoine i Seirbhísí CAMHS

5 Nóiméad le Shona Keating, Ceannaire Cúraim Shóisialta

Cén chaoi a dtosaíonn do lá?

Breathnaím trí mo dhialann lena fháil amach céard iad na coinní atá agam don lá agus déanaim mo chuid ríomhphoist/teachtaireachtaí gutháin a sheiceáil chomh maith. Déanaim mo choinní féin a sceidealú ach is gá dom a bheith ar fáil i gcónaí le freagairt d’aon duine a dteastaíonn tacaíocht uaidh idir na coinní.

Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.

Oibrím ar fhoireann ildisciplíneach, atá faoi stiúir Síciatraí Comhairleach. Is mise an t-aon chliniceoir Cúraim Shóisialta atá ar an bhfoireann, rud atá an-difriúil le formhór na bpost sa chúram sóisialta. Tá scileanna, spéiseanna agus taithí éagsúil againn go léir agus is maith an meascán é. Oibrímid i bpáirt agus linn féin; bíonn an obair dúshlánach in amanna agus déanaimid ár ndícheall tacú lena chéile go foirmiúil ag cruinnithe foirne agus go neamhfhoirmiúil ag sosanna tae!

Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre agat?

Bíonn éagsúlacht mhaith i mo lá. Bím san oifig an chuid is mó den am, ach uaireanta bíonn orm cuairteanna baile nó scoile a dhéanamh, nó freastal ar chruinnithe ilghníomhaireachtaí. Bíonn mo chásanna féin agam, agus buailim le cliaint le haghaidh idirghabháil theiripeach duine le duine a dhíríonn ar neamhoird itheacháin, ar bhainistíocht imní nó ar fhéindochar, i measc rudaí eile. Eagraím grúpaí rialála mothúchánaí freisin, agus bím ar glao-dhualgas lá amháin sa tseachtain le plé a dhéanamh le hatreoruithe nua chuig an bhfoireann agus le haon ghéarchéimeanna eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Bíonn cuid mhaith oibre riaracháin ag teastáil, amhail nótaí cáis, tuarascálacha agus litreacha tacaíochta/abhcóideachta.

Céard a spreagann thú i do chuid oibre?

Tá an mheabhairshláinte chomh héagsúil sin mar réimse, is cosúil go mbíonn dúshláin nua le sárú agus cineálacha nua cur chuige le glacadh le cabhrú le daoine i gcónaí. Bíonn tú ag bualadh le cliaint nua i gcónaí, agus is breá liom caidreamh a chothú le daoine óga agus lena dteaghlaigh. Is maith an spreagadh é a bheith i mbun oibre le meascán disciplíní toisc gur féidir liom cur le mo chuid eolais féin agus go gcuireann sé go mór le mo chuid oibre féin chomh maith.

Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?

Taitníonn éagsúlacht na hoibre go mór liom; Is ábhar an-suimiúil í an mheabhairshláinte. Is mór an sásamh dom nuair a fheicim athrú dearfach ag teacht ar dhuine óg. Bíonn na teaghlaigh an-bhuíoch díom, rud a chuireann cluaisín croí orm.

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS?

Tá mo phost in CAMHS difriúil go leor le poist eile a bhí agam i réimse an Chúraim Shóisialta. Bíonn an-chuid brú ag baint leis an bpost uaireanta, ach tá an oiread sin deiseanna foghlama sa ról seo gur cinnte go bhforbróidh tú mar chliniceoir. In ainneoin na ndúshlán a bhaineann le soláthar acmhainní agus foirne, tá obair fhiúntach á déanamh ag foirne ar fud na tíre le tacú le cliaint agus lena dteaghlaigh, agus is dearfach an rud é aon athrú a bhaintear amach. Má tá tú meáite ar do scileanna cúraim shóisialta a chur ag obair i réimse na meabhairshláinte, mholfainn go mór duit breathnú ar ghairm bheatha le CAMHS.