Reáchtáladh sraith de sheimineáir ghréasáin i mí Iúil 2024 dar teideal ‘An obair i bhFoirne den Líonra do Leanaí faoi Mhíchumas (CDNT) – Seisiún Eolais’. Is é an aidhm a bhí leis na seimineáir ghréasáin seo eolas a thabhairt do dhaoine faoi na poist atá ar fáil againn agus faoi na daoine a bhféadfaidís cabhrú leo dá rachaidís isteach ar cheann de na foirne seo. Le linn na seimineár gréasáin, pléadh an chuma atá ar an obair mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach, foireann a bhíonn ag obair le leanaí agus lena dteaghlach. Bhí freastal iontach orthu agus bhí na rannpháirtithe breá gníomhach ar an áis le haghaidh comhrá.
Tá físeán den seimineár gréasáin uaslódáilte againn le go mbeimid in ann an t-eolas a cuireadh i láthair sna seisiúin a chur ar fáil dóibh siúd a bhí i láthair agus do dhaoine nach raibh in ann freastal orthu.
Gheobhaidh tú Cur i Láthair PowerPoint a úsáideadh sna seisiúin chomh maith leis na Ceisteanna Coitianta.