Urraíocht le haghaidh na Scéime Earcaíochta do Chnáimhseacha faoi Oiliúint
Tá urraíocht ar fáil d’altraí ginearálta cláraithe ar mhaith leo tabhairt faoi Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas.
Is clár lánaimseartha 18 mí ar a laghad é an tArd-Dioplóma sa Chnáimhseachas ón dáta céadchlárúcháin le haghaidh an chláir. Cuireann na hospidéil seo a leanas agus a gcomhpháirtithe acadúla an clár ar fáil*. Seo cuid acu:
- FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt: Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Ospidéal na hOllscoile, Maigh Eo, Ospidéal Ollscoile Portiuncula agus Ospidéal na hOllscoile, Sligeach, i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe
- FSS an Iardheiscirt: Grúpa Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- FSS an Iarthair Láir: Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Luimneach i gcomhar le hOllscoil Luimnigh
- FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt: Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha agus Ospidéal Ginearálta an Chabháin, i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
*Cuirtear Clár Urraíochta FSS don Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas ar fáil i mBaile Átha Cliath freisin in Ospidéal an Choim agus in Ospidéal an Rotunda i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD); agus an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Féach ar na suíomhanna gréasáin lena mbaineann le haghaidh tuilleadh eolais faoi na cláir agus faoi conas iarratas a dhéanamh:
Na hiarratasóirí a n-éireoidh leo, tairgfear conradh fostaíochta íoctha 18 mí ar a laghad dóibh a mhairfidh go deireadh an chláir. Íocann FSS na táillí coláiste don chlár freisin.
Coinneoidh na cnáimhseacha faoi oiliúint a ndéanann FSS urraíocht orthu a bpointe reatha ar scála tuarastail na n-altraí foirne ar dhul isteach sa chlár dóibh (bunaithe ar sheirbhís fhíoraithe altranais). Coinneoidh cnáimhseacha faoi oiliúint a ndáta incriminteach agus bronnfar creidmheas incriminteach orthu (más infheidhme) le linn an chláir.
Ó thús d’oiliúna, cuirfidh tú cúram ar fáil ar bhealach atá oiriúnach do do leibhéal eolais agus taithí phraiticiúil faoi mhaoirseacht agus faoi threoir cnáimhseach cláraithe. I gcomhar le mná, foghlaimeoidh tú conas cur chuige córasach, fianaisebhunaithe a ghlacadh i leith cúraim agus freagairt go tuisceanach do riachtanais na mban torrach agus a dteaghlach.
Beidh gnáthsheachtain oibre lánaimseartha i gceist (seachtain 37.5 uair an chloig). Sannfar uaireanta coláiste duit agus beidh ort freastal orthu go léir.
Conas iarratas a dhéanamh
- Is é an chéad iontráil eile ná Eanáir 2027
- Beidh an nasc chuig an bhfoirm iarratais ar fáil ar an leathanach seo ó Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine go dtí Dé Céadaoin, an 10 Meitheamh 2026.
- Le tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár an Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas, féach an bhileog eolais
- Le tuilleadh eolais a fháil faoin gcnáimhseachas mar ghairm, féach https://careerhub.hse.ie/midwifery/
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh má chomhlíonann tú na critéir seo a leanas ag am déanta an iarratais:
- A bheith cláraithe sa Rannán Ginearálta de Chlár na nAltraí arna choinneáil ag Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann NÓ
- A bheith incháilithe le bheith cláraithe amhlaidh.
Tar éis duit an clár a chríochnú
Tar éis duit an clár a chur i gcrích, ceanglófar ort a bheith ag obair don ghníomhaireacht urraíochta mar chnáimhseach cláraithe le NMBI go ceann fhad an chláir – is é sin 18 mí i gcás an Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas.
Mura mbeidh tú in ann déanamh amhlaidh, b’fhéidir go mbeidh ort na táillí urraíochta a aisíoc leis an suíomh máithreachais urraíochta agus, i gcás cláir lánaimseartha, luach an tuarastail a fuair tú i leith ghné theoirice an chláir.
Teagmháil
Sinéad Heaney, Uas.
Ceannaire Náisiúnta ONMSD don Chnáimhseachas
Oifig Stiúrthóir na Seirbhísí Altranais agus Cnáimhseachais (ONMSD)
Ríomhphost: sinead.heaney@hse.ie