Altranas Ginearálta Tá an-sásamh le baint as an Altranas Ginearálta, gairm ina mbeidh cuid mhór deiseanna agat dul i bhfeidhm ar shaol daoine ar bhealach dearfach. Agus tú faoi oiliúint, beidh tú ag foghlaim scileanna agus eolas nua chun cabhrú agus cuidiú le hothair.

Meascán de scileanna acadúla, cumarsáide agus foirne atá san altranas agus, mar bhonn faoi na scileanna sin tá luachanna FSS, is iad sin Cúram, Comhbhá, Iontaoibh agus Foghlaim.

Bíonn altraí ginearálta ag obair i réimse leathan láithreacha oibre, cuir i gcás ospidéil, tithe daoine, cleachtais dochtúirí teaghlaigh, cúram cónaithe, tithe altranais, gníomhaireachtaí altranais, seirbhísí príosúin, ionaid agus moil sláinte pobail, agus i dtionscal na cógaisíochta. Bíonn róil san altranas ginearálta le fáil in áiteanna oibre atá as an ngnách, leis, cuir i gcás ionaid do dhaoine gan dídean, ionaid do dhídeanaithe, clubanna spóirt ghairmiúil, páirceanna siamsaíochta téama agus longa cúrsála.

Gné lárnach d’iarrachtaí chun cur le leas agus folláine a n-othar atá i gcur chuige comhbhách na n-altraí, iad dírithe ar an othar.

Is iad seo a leanas cuid de na dualgais a bhíonn le comhlíonadh ag Altra Ginearálta Cláraithe: 

  • Cúram altranais a chur ar fáil do ghrúpa sonraithe othar de réir creat dea-chleachtais / fianaisebhunaithe.
  • Riar cásanna sonraithe a bhainistiú.
  • Sláinte, leas agus folláine shóisialta na n-othar inár seirbhísí a chur chun cinn.
  • Páirt ghníomhach a ghlacadh mar dhuine d’fhoireann ildisciplíneach/idirdhisciplíneach i ngach gné de sholáthar seirbhíse, lena n-áirítear cáschruinnithe, cruinnithe cliniciúla agus cruinnithe foirne.
  • Cláir chúraim dhuinelárnacha do gach aon duine a mheas, a phleanáil, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú i gcomhréir le creat socraithe agus an dea-chleachtas.
  • Dea-chaidreamh idirphearsanta a fhorbairt agus a chothú le hothair, lena dteaghlach nó daoine óna líonra sóisialta agus leis an bhfoireann cúraim idirdhisciplíneach chun cúram duinelárnach a chur chun cinn.
  • Féachaint chuige lena chinntiú go ndéantar cúram d’othair ar shlí atá tuisceanach agus eiticiúil agus go léirítear meas ar ghradam agus ar riachtanais spioradálta an othair.
  • Na gnéithe sóisialta agus cultúrtha de chúram na n-othar a aithint agus a chur chun tosaigh, chomh maith leis an ngá go mbeidh ceangal acu lena bpobal áitiúil.
  • Obair a dhéanamh go dlúth leis an othar, le teaghlach an othair, leis an bhfoireann ildisciplíneach / idirdhisciplíneach, le gníomhaireachtaí agus seirbhísí seachtracha le go gcomhlíonfar riachtanais sa phleanáil leis an othar a ligean amach, riachtanais don leanúnachas cúraim agus riachtanais chúraim áirithe.
  • Oideachas agus eolas cuí a chur ar fáil ag an am ceart don othar agus don teaghlach, agus gníomhú mar urlabhraí thar ceann an othair agus an teaghlaigh.
  • Tuairisciú don ardbhainistíocht altranais agus dul i gcomhairle leo ar cheisteanna cliniciúla de réir mar is cuí.
  • Taifid agus tuairiscí altranais cruinne beachta cuí a choinneáil i dtaca le cúram othar i gcomhréir le treoirlínte áitiúla / náisiúnta / gairmiúla.
  • Páirt a ghlacadh sa nuálaíocht agus san athrú sa chur chuige don soláthar cúraim othar, go háirithe mar a bhaineann an méid sin le torthaí taighde nua, cleachtas fianaisebhunaithe agus dul chun cinn sa chóireáil.
  • Páirt a ghlacadh in iniúchadh agus athbhreithniú cliniciúil.
  • Páirt a ghlacadh in aon mheasúnú riachtanas pobail agus i soláthar cúraim sa phobal de réir mar is cuí.
  • An ról mar Oibrí Bunriachtanach a ghlacadh de réir mar is cuí.
  • Tuiscint dhearfach ó thaobh sláinte de a chothú i measc othar agus comhghleacaithe. Cur le tionscnaimh FSS a bhaineann le cothú na sláinte agus tionscnaimh chun galair a chosc.
  • Obair a dháileadh ar bhaill foirne ar ghráid eile de réir mar a bhaineann le sainchúram a róil agus maoirseacht a dhéanamh ar an obair sin de réir mar is cuí.
  • Solúbthacht a léiriú agus seal a chaitheamh ag obair i seirbhísí eile / in aonaid eile / i socruithe eile de réir mar a theastaíonn chun riachtanais altranais a chomhlíonadh ó thaobh pearsanra de agus chun riachtanais an chláir seirbhísí comhtháite a chomhlíonadh.
  • Cliaint a atreorú chuig seirbhísí eile de réir mar is gá.

Scileanna riachtanacha:

Ba chóir go mbeadh réimse leathan scileanna ag altraí, scileanna cumarsáide thar barr ina measc ar féidir leas a bhaint astu ag brath ar riachtanais gach othair, chomh maith le héirim mhothúchánach agus an cumas iontu ionbhá agus tuiscint a léiriú. Seo cuid de na scileanna a theastaíonn:

  • Léiriú ar an gcumas go bhfuil siad in ann caidreamh a chothú agus a fhorbairt, an cumas chun bheith ag obair go héifeachtach mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach san áireamh.
  • Fianaise go bhfuil siad in ann caitheamh le hothair, le gaolta na n-othar agus lena gcomhoibrithe leighis le dínit agus le hurraim.
  • Scileanna maithe smaointeoireachta criticiúla chun cinntí feasacha a dhéanamh, scileanna maithe bainistíochta géarchéime chun plé le cásanna éigeandála agus an cumas fanacht socair nuair a bhíonn brú ann.
  • Scileanna maithe eagrúcháin, an cumas chun bheith ag obair go maith i gcomhar le gairmithe cúraim sláinte eile agus an cumas othar atá i mbaol a aithint.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar an Tairseach Gairmeacha