Cén tslí le bheith i m’Eolaí Míochaine?

Tá an-sásamh le baint as an Eolaíocht Mhíochaine, gairm ina mbeidh deis agat dul i bhfeidhm ar shaol daoine ar bhealach dearfach. San obair a dhéanfaidh tú sa tsaotharlann agus san anailís ar shamplaí, beidh deis cheart agat ról dearfach a ghlacadh in aistear an othair agus torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach ionas go mbeidh an duine sin in ann saol níos sásúla agus níos fiúntaí a chaitheamh.

Tá cúpla bealach ann chun dul isteach i ngairm an Eolaí Míochaine:

  • Bunchéim BSc san Eolaíocht Mhíochaine
  • Bunchéim BSc san Eolaíocht Bhithleighis
  • Ard-Dioplóma san Eolaíocht Mhíochaine

Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí faofa ón gcomhlacht rialála, is é sin CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin ACSLMTairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo

medical scientist holding vials in a laboratory

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta, Eolaithe Míochaine ina measc.

Tá Eolaithe Míochaine mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Is i saotharlanna ospidéil a bhíonn Eolaithe Míochaine ag obair de ghnáth, iad ag obair i seirbhís a úsáidfidh na daoine ar fad sa tír am éigin i gcaitheamh a saoil. Tá ról acu san anailís a dhéantar ar shamplaí ó othair chun galar a dhiagnóisiú agus eolas a chur ar fáil i dtaobh roghanna cóireála agus sa mhonatóireacht leanúnach ar riocht an othair. Meastar go bhfuil 70% de dhiagnóisí a dhéanann cliniceoirí bunaithe ar thorthaí ó thástálacha a dhéanann seirbhísí saotharlainne.

Seo cuid na seirbhísí cliniciúla atá mar bhonn faoin míochaine shaotharlainne: Paiteolaíocht Cheallach, Bithcheimic Chliniciúil, Haemaiteolaíocht, Micribhitheolaíocht agus Víreolaíocht Mhíochaine, Eolaíocht Aistrithe agus Trasphlandaithe, Imdhíoneolaíocht, Diagnóisic Mhóilíneach agus Tástáil ag an Láthair Chúraim.

group of medical scientists

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Dul ar aghaidh le bheith i d’Eolaí Míochaine Sinsearach nó Speisialtóir san Eolaíocht Míochaine
  • Speisialtóireacht a dhéanamh i réimse faoi leith, cuir i gcás micribhitheolaíocht, haemaiteolaíocht, paiteolaíocht cheimiceach, diagnóisic mhóilíneach, imdhíoneolaíocht chliniciúil.

Conairí Forchéimnithe Gairme Conair Chliniciúil:

  • Eolaí Míochaine ar Ghrád Foirne
  • Eolaithe Míochaine Sinsearach
  • Speisialtóir Eolaíochta Míochaine.

Conair na bainistíochta:

  • Príomheolaí Míochaine
  • Bainisteoir Saotharlainne

Conair an oideachais:

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith sna Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fad.

medical scientist holding vials in a laboratory

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS.

HSeLand an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

medical scientist working in a lab

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Cliceáil le do thoil ar na naisc thíos chun tuilleadh a fháil amach faoi róil éagsúla Eolaí Míochaine:

Megan Chann, Mac Léinn, Eolaí Leighis

medical scientist's working in a lab