Tá an-sásamh le baint as an Eolaíocht Mhíochaine, gairm ina mbeidh deis agat dul i bhfeidhm ar shaol daoine ar bhealach dearfach. San obair a dhéanfaidh tú sa tsaotharlann agus san anailís ar shamplaí, beidh deis cheart agat ról dearfach a ghlacadh in aistear an othair agus torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach ionas go mbeidh an duine sin in ann saol níos sásúla agus níos fiúntaí a chaitheamh.
Tá cúpla bealach ann chun dul isteach i ngairm an Eolaí Míochaine:
- Bunchéim BSc san Eolaíocht Mhíochaine
- Bunchéim BSc san Eolaíocht Bhithleighis
- Ard-Dioplóma san Eolaíocht Mhíochaine
Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí faofa ón gcomhlacht rialála, is é sin CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin ACSLM nó Tairseach na nGairmeacha.
Má tá cáilíocht bainte amach agat lasmuigh d’Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.
Má bhain tú cáilíocht amach lasmuigh d’Éirinn, is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Tástáil Inniúlachta Gairmiúla (ToPC) trí chuairt a thabhairt ar shuíomh CORU anseo.