Cén tslí le bheith i m'Éisteolaí?

Is é atá san éisteolaíocht staidéar ar an éisteacht agus ar chothromaíocht an duine i réimse dúshlánach na heolaíochta agus teicneolaíochta cliniciúla atá ag fás.

Bítear ag plé san éisteolaíocht le measúnú, bainistiú agus athshlánú daoine atá buailte ag neamhoird éisteachta agus chothromaíochta agus neamhoird ghaolmhara. Othair ar gach aois a bhíonn ann, bídís siúd leanaí nuabheirthe, páistí, daoine fásta agus daoine scothaosta.

Le dul isteach i ngairm na héisteolaíochta:

  • Tá Dara hOnóracha, Grád I, ar a laghad i mbunchéim onóracha (Leibhéal 8 den CNC) nó iarchéim in aon disciplín eolaíochta nó leighis le bheith ag iarrthóirí.

  • Ina theannta sin, caithfidh iarrthóirí an M.Sc. dhá bhliain lánaimseartha san Éisteolaíocht a bhronnann Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a chur i gcrích.

Tá tuilleadh eolais faoin ngairm agus faoi chúrsaí ar an Tairseach Gairmeacha.

Tá tuilleadh eolais faoin ról ar láithreán gréasáin Acadamh Éisteolaíochta na hÉireann.

Do ról le FSS

Tá éisteolaithe mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Déanann éisteolaithe fadhbanna éisteachta, cothromaíochta nó cluaise a dhiagnóisiú, a bhainistiú agus a chóireáil. Bíonn siad ag obair i réimse na héisteolaíochta arb é sin eolaíocht na héisteachta agus na cothromaíochta. Bíonn siad ag obair chun cinneadh a dhéanamh faoi chaillteanas éisteachta an othair ó thaobh déine agus cineáil de agus chun plean cóireála a chur le chéile.

Bíonn éisteolaithe ag obair le hothair ar gach aois i gcomhar le dochtúirí, teiripeoirí urlabhra agus teanga, fisiteiripeoirí, múinteoirí ranga, oibrithe sóisialta agus síceolaithe.

Dul chun cinn gairme

De réir mar a bhainfidh tú tuilleadh taithí chliniciúil amach, beidh tuilleadh deiseanna agat dul ar aghaidh isteach i róil shinsearacha agus speisialtóireacht a dhéanamh i réimse áirithe, cuir i gcás Péidiatraic.

Is iomaí slí atá ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm. D’fhéadfá, mar shampla, dul ar aghaidh le bheith i d’Éisteolaí Sinsearach nó Speisialtóir Cliniciúil.

Conair Chliniciúil:

  • Éisteolaí ar Ghrád Foirne
  • Éisteolaí Sinsearach
  • Speisialtóir Cliniciúil Éisteolaíochta

Conair na Bainistíochta:

  • Éisteolaí, Ceannasaí
  • Éisteolaíocht, Ceannasaí Náisiúnta Cúnta
  • Éisteolaíocht, Ceannasaí Náisiúnta

Conair Oideachais:

Tá deiseanna ar fáil i róil oideachais sna Gairmeacha Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh ar fad, chomh maith.

Oiliúint agus forbairt bhreise

Tá an Oifig Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as ceannaireacht, oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach gairmithe cúraim sláinte agus shóisialta in FSS.

Is é atá san Fhorbairt Ghairmiúil an oiliúint leanúnach oideachais agus ghairme a dhéanann duine i ndiaidh dul isteach sa lucht saothair chun scileanna nua a fhoghlaim agus chun fanacht ar an eolas faoi threochtaí reatha sa ghairm. Meastar go bhfuil sé riachtanach do gach Gairmí Cúraim Sláinte agus Shóisialta tabhairt faoin bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach le go mbeidh an t-eolas agus scileanna reatha riachtanacha ag an duine chun seirbhís shábháilte éifeachtach a sholáthar d’úsáideoirí seirbhíse. Tá gealltanas tugtha ag an Oifig Náisiúnta Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta go dtabharfar tacaíocht do gach gairmí le gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla leanúnaí.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil fáil ar mheascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha, a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Tá eolas ar dheiseanna oideachais agus forbartha ar Mhol Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta.

Bíonn comhdháil ag Acadamh Éisteolaíochta na hÉireann (IAA) gach dhá bhliain. Bíonn cúrsaí san fhorbairt ghairmiúil leanúnach gach bliain i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Tairgímid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla, agus caighdeán saoil den scoth.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS.

Teistiméireachtaí ó bhaill foirne le teacht gan mhoill.

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir.

Audiologist with patient in Soundproof room. Hearing Check-up