Is í an tsíceolaíocht an staidéar eolaíoch ar iompar an duine. Tá trí réimse speisialtóireachta in FSS: Síceolaíocht Chliniciúil, Síceolaíocht an Oideachais agus Comhairleoireacht.
Tá roinnt bealaí iontrála ann don tSíceolaíocht mar ghairm:
- Bunchéim 2:1 sa tSíceolaíocht móide dochtúireacht nó a chomhionann i do réimse speisialtóireachta roghnaithe ó chúrsa creidiúnaithe
- Bunchéim i gcúrsa tiontaithe móide dochtúireacht nó a chomhionann i do réimse speisialtóireachta roghnaithe ó chúrsa creidiúnaithe
Soláthraíonn FSS clár oiliúna gairmiúla iarchéime creidiúnaithe 3 bliana d’Oiliúnaithe sa tSíceolaíocht i réimse na Comhairleoireachta, Shíceolaíocht an Oideachais nó na Síceolaíochta Cliniciúla, i gcomhpháirtíocht idir FSS agus ollscoileanna áirithe in Éirinn.
Cuireann Cumann Síceolaíochta na hÉireann (PSI), an comhlacht gairmiúil don tsíceolaíocht, tuilleadh eolais ar fáil faoi chúrsaí creidiúnaithe, cáilíocht a bhaint amach thar lear agus podchraoladh maidir le cáiliú mar Shíceolaí.