Cén tslí le bheith i mo Theiripeoir Radaíochta?

Gairmí Cúraim Sláinte agus Shóisialta is ea Teiripeoir Radaíochta, duine a oibríonn le foirne oinceolaíochta agus a chuireann pleananna ar fáil don chóireáil atá saincheaptha don duine aonair. Úsáideann siad trealamh íomháithe leighis, déanann siad monatóireacht ar dhul chun cinn agus tugann siad tacaíocht d’othair agus dá dteaghlach.

Tá cúpla bealach ann chun dul isteach i ngairm na Radaiteiripe:

  • Bunchéim BSc sa Radaiteiripe
  • Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC sna hEolaíochtaí nó i ndisciplín a bhaineann leis na hEolaíochtaí Sláinte chomh maith le MSc sa Radaiteiripe

Tabharfaidh CORU (an rialálaí do ghairmithe cúraim sláinte agus shóisialta) eolas duit faoi na cáilíochtaí ceadaithe. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Institiúid Radagrafaíochta agus Radaiteiripe na hÉireann nó ar Láithreán Gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.

man reviewing scans

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta, Teiripeoirí Radaíochta ina measc.

Tá Teiripeoirí Radaíochta mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Gairmí cúraim sláinte saineolach san oinceolaíocht is ea Teiripeoir Radaíochta, duine a ghlacann ról fíorthábhachtach i gcóireáil agus cúram othar atá ag dul faoi Theiripe Radaíochta.

Ról ríthábhachtach atá ann réamhshlánú, pleanáil cóireála, bainistiú cóireála agus iarchúram (marthanas) i gcineálacha éagsúla ailse agus riochtaí sláinte eile ina mbíonn radaiteiripe de dhíth ar an othar. Is minic an teiripeoir radaíochta an príomhphointe teagmhála a bhíonn ag othair agus iad ag freastal ar choinní radaiteiripe toisc go mbíonn siad ag obair go díreach le hothair ailse.

Female patient receiving radiation treatment

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Dul ar aghaidh le bheith i do Theiripeoir Radaíochta Sinsearach nó Speisialtóir Cliniciúil.
  • Speisialtóireacht a dhéanamh i réimsí amhail Réamhshlánú, Cóireáil, Pleanáil CAT, Tacaíocht Faisnéise, Bracaiteiripe, Cáilíocht agus Sábháilteacht, Péidiatraic, Sábháilteacht Radaíochta agus Marthanas.

Is iad seo a leanas cuid de na Conairí Forchéimnithe Gairme atá ann:

Conair Chliniciúil

  • Teiripeoir Radaíochta, Grád Foirne
  • Teiripeoir Radaíochta Sinsearach
  • Speisialtóir Cliniciúil Teiripe Radaíochta (Speisialtóireacht áite)

Conair na Bainistíochta

  • Bainisteoir Seirbhíse Teiripe Radaíochta I
  • Bainisteoir Seirbhíse Teiripe Radaíochta II
  • Bainisteoir Seirbhíse Teiripe Radaíochta III

Conair Oideachais

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith sna Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar fad.

female patient receiving radiation treatment

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS. Is iomaí dóigh atá ann chun cur leis na scileanna atá agat a bhaineann le do ról mar Theiripeoir Radaíochta.

Is féidir tabhairt faoi oiliúint iarchéime nó cúrsaí cliniciúla leis sin a bhaint amach. HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

female patient in a medical machine

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar róil dhifriúla atá sa Teiripe Radaíochta:

Rachel Welsh, Teiripeoir Radaíochta Sóisearach

Alicia O’Leary,Teiripeoir Radaíochta, Clinic Hillman

Dearbhla McLoughlin, Speisialtóir Cliniciúil Teiripe Radaíochta

Radiation machine