Gairmeacha Cúraim Sláinte agus Shóisialta

Is iad na Gairmeacha Cúraim Sláinte agus Shóisialta an dara grúpa cliniciúil is mó sa tseirbhís sláinte in Éirinn. Bíonn gairmithe cúraim sláinte agus shóisialta ag obair i ngach suíomh, lena n-áirítear seirbhísí géarmhíochaine, pobail, míchumais, speisialtóireachta, meabhairshláinte, cúraim phríomhúil agus cónaithe. Daoine an-cháilithe agus an-oilte iad gairmithe cúraim sláinte agus shóisialta. Tá ról suntasach acu i sláinte agus folláine an phobail agus caighdeán na beatha i measc an phobail.

Tá 26 gairm cúraim sláinte agus shóisialta ann faoi láthair, iad ag baint le réimsí diagnóiseacha, teiripeacha agus cúraim shóisialta.

Léaráid ardleibhéil de chreat is ea Seirbhísí Gairmeacha Cúraim Sláinte agus Shóisialta – Creat Straitéiseach Treorach, 2021 – 2026, ina dtugtar achoimre ar na Tionchair, Gealltanais, Tacaíochtaí agus Gníomhartha trína mbaintear amach gach gné de chumas gach gairm den 26 Gairm Cúraim Sláinte agus Shóisialta atá ann.

HSCP disciplines

Liosta Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta

Speech and Language therapist working with a child

Le teacht go luath ...

Táimid ag obair ar chonairí gairme do na róil eile seo ar gairmeacha cúraim sláinte agus shóisialta iad:

  • Éisteolaíocht
  • Bithcheimiceoir Cliniciúil
  • Innealtóireacht Chliniciúil
  • Fiseolaíocht Tomhais Chliniciúil
  • Teicneoir Míochaine Éigeandála
  • Teicneoir Saotharlainne
  • Paraimhíochaineoir
  • Phlebotomy
  • Síceolaíocht
  • Paraimhíochaine Mac Léinn
doctor examining a boys ear