Cén tslí le bheith i mo Theicneoir Innealtóireachta Cliniciúla?

Gairmí atá san Innealtóir Cliniciúil a chuireann scileanna innealtóireachta agus bainistíochta i bhfeidhm i réimse na teicneolaíochta cúraim sláinte chun tacaíocht a thabhairt i gcúram othar agus chun an cúram sin a chur chun cinn. Is daoine cáilithe iad de réir oideachais agus oiliúna leis an innealtóireacht a chleachtadh sa timpeallacht cúraim sláinte, áit a ndéantar teicneolaíocht ag baint le seirbhísí sláinte a chruthú, a úsáid, a theagasc, a rialú, a bhainistiú nó a chothabháil.

Bealach iontrála:

  • Cáilíocht ar Leibhéal 7 nó os a chionn sin i gceann de na disciplíní innealtóireachta seo: Innealtóireacht Leictreonach nó Leictreach, Fisic Ionstraimíochta, Ionstraimíocht Tionsclaíochta, Fisic Fheidhmeach, Innealtóireacht Mheicniúil, Mheicitreonach nó Bhithleighis.

Is é Cumann Innealtóireachta Bithleighis agus Cliniciúla na hÉireann an comhlacht gairmiúil d’Innealtóirí Cliniciúla atá ag obair in Éirinn. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar an Tairseach Gairmeacha.

Do ról le FSS

Comhlíonann Innealtóirí Cliniciúla ról lárnach sa chóras cúraim sláinte. Tá siad riachtanach san obair chun teicneolaíocht leighis a úsáid go sábháilte, go héifeachtach agus go nuálach. Ar na príomhfhreagrachtaí a bhíonn orthu tá bainistiú seirbhísí, measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte, comhlíonadh rialála, smaointeoireacht córas, bainistíocht riosca, oideachas agus forbairt táirgí.

Maidir le dul chun cinn sa ghairm, de ghnáth tosaíonn daoine amach i róil theicniúla dírithe ar threalamh agus ar aghaidh ansin chuig poist straitéiseacha ina mbíonn siad ag plé le pleanáil, sábháilteacht agus nuáil. Ó thaobh speisialtóireachta de, is minic a dhíríonn Innealtóirí Cliniciúla ar réimsí mar seo: leictreonaic mhíochaine, monatóireacht leictrifiseolaíoch, bainistiú trealaimh, anailísíocht sonraí agus córais faisnéise, ionscópacht, laparascópacht, scagdhealú, ainéistéitic, oftalmeolaíocht, teicneolaíocht léasair, monatóireacht fhiseolaíoch, aerú, innealtóireacht athshlánaithe, teicneolaíocht radaiteiripe agus íomháú diagnóiseach.

De réir mar tá dul chun cinn á dhéanamh ar an teicneolaíocht cúraim sláinte tá Innealtóirí Cliniciúla ag éirí níos riachtanaí i bhfoirne ildisciplíneacha agus comhlíonann siad róil i réimsí éagsúla, cuir i gcás sa soláthar, feidhmiú agus san obair chun teicneolaíochtaí éiritheacha a chomhtháthú ar mhaithe le cúram othar agus torthaí cliniciúla.

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

Conair Chliniciúil:

  • Teicneoir Innealtóireachta Cliniciúla
  • Teicneoir Innealtóireachta Cliniciúla, Sinsearach

Conair na Bainistíochta:

  • Príomhtheicneoir Innealtóireachta Cliniciúla
  • Teicneoir Innealtóireachta Cliniciúla, Ceannasaí

Oiliúint agus forbairt bhreise

Is í Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta atá freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na n-ortoptach atá ag obair in FSS.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil fáil ar mheascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha, a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar dheiseanna oideachais agus forbartha ar Thairseach Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Tairgímid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla, agus caighdeán saoil den scoth.

Féach na Raonta Tuarastail do bhaill foirne in FSS.

Teistiméireachtaí ó bhaill foirne le teacht gan mhoill.

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir.