Conas is féidir liom a bheith i mo Chúntóir Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile?

Díríonn Cúntóirí Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile ar na riachtanais faoi leith atá ag na daoine dá dtugann siad tacaíocht chun cúram riachtanach a sholáthar dóibh. Cuireann an obair a dhéanann siad ar chumas na ndaoine sin neamhspleáchas agus caighdeán a mbeatha a choimeád ina dteach féin, rud a chuireann le soláthar cúraim éifeachtaigh atá dírithe ar an duine.

Agus comhbhá agus meas dá dtreorú, cuireann Cúntóirí Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile tacaíocht ar ardchaighdeán ar fáil sna réimsí is tábhachtaí. Soláthraíonn agus éascaíonn siad an córas sláinte agus cúraim shóisialta i gcoitinne. Mar bhaill d’fhoirne ildisciplíneacha a bhfuil ardmheas orthu, cinntíonn siad go dtugtar an cúram cuí do dhaoine san áit chuí, rud a fhágann gur gairm fhiúntach í seo a fhágann a lorg orthu siúd atá tiomanta chun difríocht a dhéanamh sa saol.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na critéir incháilitheachta iontrála don ról, cliceáil anseo.

Tabhair cuairt ar ár nGné-alt ar Chúntóirí Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile chun tuairim a fháil ar na cúiseanna a bhféadfadh sé seo a bheith ar an gcéad chéim iontach – nó ar an gcéad chéim eile – i do ghairm bheatha. Is féidir tuilleadh eolais faoi ról Cúntóirí Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile a fháil ó Chumann Cúntóirí Cúraim Sláinte na hÉireann.

elderly woman with her caregiver

Do ról le FSS

Is baill bhunriachtanacha de lucht saothair na seirbhísí sláinte a bhfuil ardmheas orthu iad Cúntóirí Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile, le tuairim is 22,000 duine fostaithe ar fud Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Sna seirbhísí tacaíochta baile, oibríonn Cúntóirí Cúraim Sláinte i dtithe na ndaoine féin i ról atá ríthábhachtach i soláthar cúraim san áit is mó a dteastaíonn sé: laistigh den phobal.

Cuireann a gcuid oibre go mór le tacaíocht a thabhairt do dhaoine maireachtáil go neamhspleách agus le dínit—rud atá ag teacht le príomhchuspóirí Sláintecare a bhfuil sé mar aidhm aige cúram a sholáthar níos gaire don bhaile. Leanann Cúntóirí Cúraim Sláinte pleananna cúraim pearsantaithe atá in oiriúint do riachtanais agus do roghanna an duine féin, rud a fhágann go gcabhraíonn siad le gníomhaíochtaí maireachtála ó lá go lá agus go gcuireann siad le caighdeán beatha na ndaoine sin i suíomh sábháilte compordach: ina dteach féin.

Ag obair faoi threoir Bainisteora agus faoi mhaoirseacht Altra, is cuid lárnach d’fhoirne cúraim ildisciplíneacha iad Cúntóirí Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile. Cinntíonn siad go bhfaigheann daoine cúram cuí comhbhách seasta a thagann leis an dea-chleachtas agus le luachanna atá dírithe ar an duine.

Don té atá comhbhách, spreagtha ag chuspóir agus ag iarraidh difríocht a dhéanamh sa saol, soláthraíonn an ról seo conair ghairme fhiúntach phobalbhunaithe atá dírithe ar dhaoine. Ní hamháin gur post tairbheach atá ag Cúntóirí Cúraim Sláinte, is ról é a bhfuil ardmheas air freisin agus a chuireann go mór leis an gcóras sláinte agus le cúram sóisialta i gcoitinne.

female caregiver giving a man a cup of tea

Dul chun cinn Gairme

Pointe iontrála tairbheach isteach sa tseirbhís sláinte is ea gairm bheatha mar Chúntóir Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile. Oibríonn Cúntóirí Cúraim Sláinte i gcroílár an phobail, áit a soláthraíonn siad cúram comhbhách atá dírithe ar an duine agus tacaíocht ionas gur féidir le daoine maireachtáil go neamhspleách agus le dínit ina dteach féin. Tugann an ról ríthábhachtach seo deiseanna chun oibriú i réimse suíomhanna cúraim sláinte agus cúraim shóisialta amhail Cúram Príomhúil, Cúram Daoine Scothaosta, etc., chomh maith.

Ina theannta sin, is féidir le Cúntóirí Cúraim Sláinte smaoineamh ar róil a ghlacadh mar chúntóirí teiripe, rud is féidir a bheith ina chonair thrasachta isteach i nGairmeacha Cúraim Sláinte agus Shóisialta (HSCPanna) trí chreat na hOifige Trasachta Náisiúnta (NTO). Is féidir le Cúntóirí Cúraim Sláinte iarratas a dhéanamh chun oiliúint a fháil san altranas nó sa chnáimhseachas trí chlár urraíochta de chuid FSS – Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais. De réir mar a leanann conairí gairme ag forbairt agus ag leathnú, tá Cúntóirí Cúraim Sláinte in áit mhaith chun scileanna nua a fhorbairt agus chun fás, rud a thugann deis do dhaoine tógáil ar ghairm bheatha fhóinteach i rith an ama.

male carer talking to a gentleman in a wheelchair

Oiliúint agus forbairt bhreise

Is é HSELAND tairseach FSS a chuireann réimse deiseanna oiliúna agus forbartha ar fáil ar líne nó i dtimpeallacht seomra ranga. Is féidir teacht ar eolas ar Oideachas agus ar Fhorbairt ach cuairt a thabhairt ar www.hseland.ie

Ar na cláir ar an ardán foghlama sin, áirítear oiliúint éigeantach chomh maith le cláir eile a chuireann le forbairt ghairmiúil agus phearsanta.

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Mar fhostaí de chuid FSS, níl gairm fhiúntach dhúshlánach ach ar cheann amháin de na tairbhí a bhainfidh tú as an ról seo. Tá pá agus sochair tharraingteacha; maoirseacht; tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, rud a chuireann cothromaíocht oibre is saoil chun tosaigh.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Tá foireann i dteideal aisíocaíocht a fháil freisin as taisteal a dhéanann siad agus iad ag tabhairt cuairt ar chliaint. Cuirfear am taistil san áireamh i do chlár oibre freisin.

Cliceáil ar an nasc thíos le fáil amach faoi thaithí duine dár gcomhghleacaithe:

Tim Moynihan, Seirbhísí Tacaíochta Baile, Iardheisceart na hÉireann

carer assisting an elderly couple in the garden