Cuidíonn an tSeirbhís Tacaíochta Baile le daoine scothaosta cónaí ina mbaile féin chomh fada agus is féidir.

Oibríonn an Cúntóir Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile) le daoine scothaosta ina mbaile féin agus cuireann tacaíocht agus cúnamh ar fáil don duine, de réir plean pearsantaithe cúraim cruthaithe ag an mball foirne nó ag na baill foirne ildisciplíneach. Tá Cúntóirí Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile) ríthábhachtach chun daoine scothaosta a chumasú le fanacht ina gcónaí ina mbaile féin. Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoi ról an Chúntóra Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile) ach cliceáilanseo

Táimid ar thóir Cúntóirí Cúraim Sláinte ag gach leibhéal le teacht ag obair lenár bhfoireann Seirbhísí Tacaíochta Baile.

Mar bhall luachmhar den FSS, tairgímid an méid seo: Tuarastal iomaíoch: €32,423–€41,488 sa bhliain. Laethanta saoire bliantúla – 23 lá sa bhliain. Íocaíocht mhíosúil mhíleáiste agus am taistil íoctha. Fostaíocht inphinsin. Conarthaí lánaimseartha agus páirt-aimseartha. Chomh maith le deiseanna oiliúna agus forbartha.

Féadfaidh tusa a bheith i do bhall barrthábhachtach d’fhoireann ildisciplíneach

Cuireann an fhoireann Cúntóirí Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile) cúram ar fáil do bhreis agus 54,000 cliant ar bhonn náisiúnta, agus cuireann seirbhís thar a bheith luachmhar ar fáil do chliaint agus dá dteaghlaigh ina mbaile. Toisc bhunriachtanach is ea an teagmháil a bhíonn ag an gCúntóir Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile) le cliaint chun caighdeán saoil a fheabhsú agus chun scoiteacht agus uaigneas a laghdú, rud a dhéanann fíordhifríocht do shaol na ndaoine a úsáideann na seirbhísí seo. https://youtu.be/lsi_LveLL6Y?si=vijMZe-S7Zg434lm

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na critéir incháilitheachta, cliceáil anseo Cliceáil ar na naisc thíos chun na folúntais a fheiceáil, go háirithe in Eagraíochtaí Cúraim Pobail. Nó chun teagmháil a dhéanamh le haon cheann de Theagmhálacha CHO (Eagraíochtaí Cúraim Pobail):

 

CHO 1 – Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, An Cabhán, Muineachán Edwin.Doherty@hse.ie Tacaíocht Bhaile Dhún na nGall CHO 2 – Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin Miriam.McGuinness@hse.ie Bainisteoir Tacaíochta Baile
CHO 3 – Luimneach, An Clár, Tiobraid Árann Thuaidh Miriam.Oreilly@hse.ie Bainisteoir Acmhainní Cúraim Baile CHO 4 – Ciarraí, Corcaigh Thuaidh, An Laoi Thuaidh, An Laoi Theas, Iarthar Chorcaí Noreen.Cremin@hse.ie Elaine.Doyle1@hse.ie Comhordaitheoir Earcaíochta HCSA (Cúntóirí Tacaíochta Cúraim Sláinte)
CHO 5 – Ceatharlach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann Theas, Port Láirge agus Loch Garman Hosop.sech@hse.ie Ceannasaí na Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta CHO 7 – Baile Átha Cliath Theas, Cill Dara agus Iarthar Chill Mhantáin Carol.Toft@hse.ie Seirbhísí Díreacha Tacaíochta Baile
CHO 8 – Laois/Uíbh Fhailí, An Longfort/An Iarmhí, An Lú agus An Mhí Robert.Kelly@hse.ie Bainisteoir Tacaíochta Baile CHO 9 – Baile Átha Cliath Thuaidh, Baile Átha Cliath Láir Thuaidh agus Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh. Shona.Rusk@hse.ie Bainisteoir Daoine Scothaosta

 

Le cinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi na folúntais ar fad, cinntigh go bhfuil tú cláraithe le haghaidh foláirimh sheachtainiúla phoist ar an Mol Gairmeacha.