Cén tslí le bheith i mo Chúntóir Saotharlainne Míochaine?

Cuireann Cúntóir Saotharlainne Míochaine tascanna éagsúla i gcrích chun tacú leis an obair a dhéanann eolaithe, taighdeoirí agus gairmithe cúraim sláinte i saotharlann. Tugann siad faoi thascanna eolaíochta, teicniúla agus riaracháin mar chuid den obair chun galair a dhiagnóisiú, taighde a dhéanamh agus táirgí a fhorbairt.

Tá cúpla bealach isteach ann chun bheith i do Chúntóir Saotharlainne Míochaine:

  • Taithí ar an obair i saotharlann ospidéil nó eolaíochta.
  • Fostaíocht reatha agus taithí dhá mhí dhéag ar a laghad sa tSeirbhís Sláinte in Éirinn atá á maoiniú go poiblí.
  • Cáilíocht go Leibhéal 5 den CNC ar a laghad i scileanna Saotharlainne.

Le tuilleadh eolais a fháil ar ghairm mar chúntóir saotharlainne míochaine, féach an Tairseach Gairmeacha.

Do ról le FSS

Déanann an cúntóir saotharlainne míochaine trealamh saotharlainne a oibriú, samplaí a ullmhú, tástálacha a reáchtáil agus taifead sonraí cruinn beacht a dheimhniú.

Meastar go dtiocfaidh fás ar an éileamh ar chúntóirí saotharlainne míochaine de bharr forbairtí sa teicneolaíocht mhíochaine, fás ar riachtanais cúraim sláinte agus taighde eolaíoch leanúnach.

Tugann cúntóirí saotharlainne míochaine faoi ghnáth-thascanna chun tacú le heolaithe, taighdeoirí agus gairmithe cúraim sláinte i saotharlann. Bíonn deiseanna acu díriú ar an taighde agus forbairt, iad ag obair le próisis, teicnící, trealamh, táirgí nó ábhair a chruthú nó a fheabhsú.

Oiliúint agus forbairt bhreise

Is iomaí deis oiliúna agus oideachais atá ar fáil i ngach cuid de FSS le scileanna oibrithe na heagraíochta a fheabhsú.

HSeLanD an t-ainm atá ar an tairseach atá againn ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Tá eolas ar Oideachas agus Forbairt ar  www.hseland.ie. 

Is féidir leas a bhaint as Gnóthachtáil Feidhmíochta le dul chun cinn a dhéanamh i do ról agus leis an deis a fháil cruinniú a bheith agat le do bhainisteoir le do riachtanais foghlama agus forbartha a phlé.

Áis dóibh siúd ar fad atá ag obair sa chúram sláinte agus ar spéis leo an cheannaireacht é Acadamh Ceannaireachta na Seirbhíse Sláinte. An aidhm atá san Acadamh Ceannaireachta ná an cheannaireacht a fhorbairt i ngach cuid den tseirbhís sláinte.

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Beidh teistiméireachtaí ó bhaill foirne againn go luath.