Earcaíocht Idirnáisiúnta

Cén áit a bhfaighidh mé eolas ar na folúntais?

Má chláraíonn tú le Mol Gairmeacha FSS, gheobhaidh tú fógraí gach seachtain maidir le poist i ról cúraim sláinte in Éirinn curtha in oiriúint duitse chomh maith le fógraí faoi sheimineáir ghréasáin ag baint le do ghairm féin.

Lena chois sin, tugtar na folúntais oibre ar fad atá ag FSS agus ag soláthraithe cúraim sláinte poiblí eile ar leathanach na bpost ar láithreán gréasáin FSS.

Tá níos mó ná 800 post éagsúil againn i ndisciplíní éagsúla i ngráid ar leibhéil éagsúla, idir lianna comhairleacha agus altraí, chnáimhseacha agus ghairmithe cúraim sláinte agus shóisialta.

Nuair a chláróidh tú le Mol Gairmeacha FSS, gheobhaidh tú fógraí gach seachtain maidir le poist a bheidh ag teacht leis an bpost/leis na poist agus an áit is rogha leat. Is féidir leat dul i dtaithí ar na Réigiúin Sláinte nuafhorbartha agus fáil amach faoin méid atá ar fáil i ngach contae.

Cén tslí le hiarratas a dhéanamh ar fholúntas in FSS?

Má tá an taithí chuí agus na cáilíochtaí riachtanacha agat, tá tú in ann iarratas a dhéanamh ar aon phost atá fógartha ar shuíomh gréasáin FSS nó an nasc a úsáid ón bhfógra ríomhphoist a cuireadh chugat.

I ngach feachtas beidh doiciméad dar teideal Sonrú Poist ina dtabharfar an t-eolas ar fad faoin ról, is é sin príomhdhualgais agus príomhfhreagrachtaí, critéir cháilitheachta, scileanna agus inniúlachtaí riachtanacha, scála tuarastail, srl.

Molaimid go mór duit dul chuig an rannóg dar teideal Cabhair agus Tacaíocht Earcaíochta agus na 3 mhodúl oiliúna a chur i gcrích ina dtugtar eolas faoin tslí chun foirm iarratais a líonadh amach agus chun ullmhúchán agus cleachtadh a dhéanamh d’agallamh ar bhonn inniúlachta.

Tá ceapacháin daoine chuig poist in FSS faoi réir a bhfuilsa Chód Cleachtais atá foilsitheag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.

female signing a form

Critéir cháilitheachta agus riachtanais ghairmiúla

Tugtar critéir cháilitheachta mhionsonraithe i bhfolúntais post in Éirinn ina leagtar amach scileanna riachtanacha, taithí riachtanach agus cáilíochtaí oideachais riachtanacha. Aithnítear cáilíochtaí oideachais áirithe go díreach mar atá siad. Beidh teastais nó trialacha breise ag teastáil i gcásanna eile.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach cliceáil ar an nasc Clárúchán Gairmiúil.

Is riachtanach go mbeidh gairmithe cúraim sláinte, lena n-áirítear dochtúirí, altraí, cnáimhseacha, agus gairmithe eile cúraim sláinte agus shóisialta, cláraithe lena gcomhlachtaí rialála faoi seach sula dtéann siad i mbun cleachtais sa tseirbhís sláinte in Éirinn. Is ríthábhachtach an méid sin a thabhairt ar aire. Dá réir sin, is féidir a chinntiú go mbítear ag cloí le caighdeáin ghairmiúla agus le sábháilteacht othar.

Group of Doctors

Post a fháil linn

Tá gealltanas tugtha ag FSS cúram den scoth a chur ar fáil do phobail na tíre de réir na gcaighdeán is airde dá bhfuil ann. Cúis áthais dúinn go bhfuil tú ag smaoineamh ar theacht le bheith ag obair linn, nó seans go bhfuil tairiscint oibre faighte agat cheana féin.

Lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir, cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist ar Mhol Gairmeacha FSS.

Bímid ag obair le líon beag gníomhaireachtaí fostaíochta a dhéanann an próiseas iomlán earcaíochta a bhainistiú thar ceann FSS agus is mar sin a dhéantar cuid mhór dár n-altraí idirnáisiúnta agus gairmithe cúraim sláinte agus shóisialta a earcú. Má bhíonn iarratas á dhéanamh agat trí cheann de na gníomhaireachtaí seo, is ón ngníomhaireacht a gheobhaidh tú an chuid is mó den tacaíocht sna céimeanna luatha den earcaíocht.

Má tá tú chun iarratas a chur isteach díreach chuig FSS, tá cineálacha éagsúla tacaíochta sa treochlár seo le heolas a fháil amach faoi fholúntais agus le treoir a fháil faoi chéim an iarratais agus céim an agallaimh/na n-agallamh.

Anois, dearcadh cuid dár gcomhghleacaithe atá bogtha go hÉirinn cheana féin.

people sitting outside in the sunshine

An dteastaíonn cead oibre nó víosa uaim?

Níl cead fostaíochta ná víosa ag teastáil ó náisiúnaigh ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ón Ríocht Aontaithe ná ón Eilvéis chun dul ag obair in Éirinn.

Tá éileamh mór ar mhórán poist cúraim sláinte sa tseirbhís sláinte in Éirinn, mar sin fiú más iarratasóir thú ó áit eile seachas an LEE, an Ríocht Aontaithe nó an Eilvéis, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal Cead Fostaíochta um Scileanna Criticiúla a fháil. Beidh ort víosa a fháil fosta le dul isteach in Éirinn. Tá tuilleadh eolais ar víosaí ar an nasc seo.

Le ceada scileanna, beidh do gharghaolta in ann cónaí in Éirinn freisin agus beidh do chéile nó páirtí in ann obair a dhéanamh gan gá le cead breise oibre. Tá a lán ról in FSS i réimsí neamhchliniciúla riaracháin agus bainistíochta, róil sna réimsí seo ina measc: airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, cléireachas agus acmhainní daonna taobh le róil mar thiománaithe, cócairí agus a lán róil shuimiúla eile.

Ar deireadh, i gcás daoine ar náisiúnaigh iad de chuid tíortha nach bhfuil in LEE, a bhfuil cead cónaithe bailí acu agus atá in Éirinn cheana féin, ba chóir dóibh amharc ar liosta na ndoiciméad tacaíochta a theastaíonn i gcéim an iarratais.

Is féidir an nasc seo a leanúint lena fháil amach an bhfuil tú cáilithe chun bheith ag obair in Éirinn.

family and nurse with a new born baby