Cén tslí le bheith i mo Fhleibeatóimí?

Is gairmithe oilte cúraim sláinte iad fleibeatóimithe a úsáideann féithpholladh nó feiste lárfhéitheach chun fuil a tharraingt go ndéanfar anailís uirthi. Ról eile a chomhlíonann fleibeatóimithe, chomh maith le fuil a tharraingt ó othair, ná cataitéir fhéitheacha fhorimeallacha a chur isteach.

Tá bealaí éagsúla ann le dul isteach sa ghairm, cuir i gcás:

  • Cáilíocht Fleibeatóime ar leibhéal 6 de réir Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann nó ar leibhéal níos airde
  • Teastas Fleibeatóime ó Choláiste na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna (ITBÁC/OCBÁC)
  • Altra cláraithe/Cnáimhseach chláraithe ar chlár gníomhach Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Chumann Fleibeatóimithe na hÉireann nó ar an Tairseach Gairmeacha.

Phlebotomist prepars for blood test with young patient

Do ról le FSS

Tá fleibeatóimithe mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Tógann fleibeatóimithe samplaí fola ó othair i gclinicí agus in ospidéil. Úsáideann oibrithe leighis na samplaí fola ansin chun breoiteachtaí a dhiagnóisiú agus a chóireáil, mar sin tá sé riachtanach aire faoi leith a thabhairt ar gach sampla.

Bíonn fleibeatóimithe ag obair le daoine ar gach aois, lena dteaghlach, a gcúramóirí agus le gairmithe cúraim sláinte eile a bhíonn ag obair leis an duine.

Phlebotomist preparing patient arm

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

Conair Chliniciúil

  • Fleibeatóimí, Grád Iontrála
  • Fleibeatóimí, Sinsearach

Conair Oideachais

Is iomaí deis atá ar fáil i róil oideachais sna Gairmeacha Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fad chomh maith.

Preparation for phlebotomy procedure, female patient

Oiliúint agus forbairt bhreise

Tá an Oifig Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as ceannaireacht, oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach gairmithe cúraim sláinte agus shóisialta in FSS.

Is iomaí dóigh atá ann chun cur leis na scileanna a theastaíonn i dtimpeallacht faoi leith don ról mar Fhleibeatóimí. Is féidir tabhairt faoi oiliúint iarchéime nó cúrsaí cliniciúla leis sin a dhéanamh.

HSELAND an t-ainm atá ar thairseach FSS, áit a bhfuil fáil ar mheascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar dheiseanna oideachais agus forbartha ar Thairseach Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Phlebotomist holding sample blood test tube in science laboratory

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Tairgímid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla, agus caighdeán saoil den scoth.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Teistiméireachtaí ó bhaill foirne le teacht gan mhoill.

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir.

Phlebotomist preparing patient