Conas a bhainfidh mé cáilíocht amach mar Fhiseolaí Tomhais Chliniciúil?

Baineann Fiseolaithe Tomhais Chliniciúil (FTCanna) le grúpa gairmithe ar a dtugtar Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (GSCS). Cuimsítear san Fhiseolaíocht Tomhais Chliniciúil na gairmeacha beatha seo a leanas:

  • Fiseolaí Soithíoch
  • Fiseolaí Gastraistéigeach
  • Néaraifhiseolaí
  • Fiseolaí Riospráide
  • Fiseolaí Cairdiach

Oibríonn FTCanna go príomha i réimse na diagnóisice. Déanann siad tástálacha go díreach ar othair agus tuairiscíonn siad ar na tástálacha sin.

Chun eolas a fháil faoi na cláir atá ar fáil in Éirinn, cliceáil anseo.

Faigh tuilleadh eolais faoin ról ar shuíomh gréasáin an chomhlachais ghairmiúil Institiúid na hÉireann um Fhiseolaíocht Tomhais Chliniciúil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Tairseach Gairmeacha

Do ról le FSS

Tá Fiseolaithe Tomhais Chliniciúil ina gcuid de lucht saothair cliniciúil ar a dtugtar Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh agus oibríonn siad i gcomhair le gairmithe ábhartha leighis agus cúraim sláinte chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Faoi scáth na bhFiseolaithe Tomhais Chliniciúla, tá 5 ghairm ar leith ann:

  • Fiseolaíocht Tomhais Chliniciúil: Fiseolaí Soithíoch
  • Fiseolaíocht Tomhais Chliniciúil: Fiseolaí Gastraistéigeach
  • Fiseolaíocht Tomhais Chliniciúil: Néaraifhiseolaí
  • Fiseolaíocht Tomhais Chliniciúil: Fiseolaí Riospráide
  • Fiseolaíocht Tomhais Chliniciúil: Fiseolaí Cairdiach

Chomh maith lena gcuid oibre diagnóiseach, oibríonn siad sa réimse teiripeach, ag cur tús le teiripí agus ag déanamh obair leantach chun comhlíonadh agus éifeachtacht a chinntiú, agus déanann siad teiripí a choigeartú chomh maith, más gá.

Is féidir tuilleadh eolais mhionsonraithe a fháil faoi gach gairm ag Institiúid na hÉireann um Fhiseolaíocht Tomhais Chliniciúil.

Dul chun cinn gairme

De réir mar a chuireann tú le do thaithí chliniciúil, is mó an deis atá agat poist níos sinsearaí a fháil, chomh maith.

Tá go leor bealaí ann chun dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm bheatha laistigh den ghairm FTC.  

Conair chliniciúil:

  • Fiseolaí Tomhais Chliniciúil
  • Fiseolaí Sinsearach Tomhais Chliniciúil

Conair na bainistíochta:

  • Príomhfhiseolaí Tomhais Chliniciúil I
  • Príomhfhiseolaí Tomhais Chliniciúil II

Conair an Oideachais:

Tá deiseanna ar fáil i róil oideachais sna Gairmeacha Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh ar fad, chomh maith.

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh freagrach as ceannaireacht, oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) na ngairmithe sin atá ag obair in FSS.

Tagraíonn forbairt ghairmiúil don oideachas leanúnach agus oiliúint ghairme ina nglacann duine páirt tar éis dó dul isteach sa lucht saothair. Cabhraíonn FGL le fostaithe scileanna nua a fhorbairt agus fanacht cothrom le dáta maidir le treochtaí reatha ina ngairm féin. Meastar go bhfuil sé ríthábhachtach go dtugann gach GSCS faoi FGL chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna riachtanach acu chun seirbhís shábháilte agus éifeachtach a sholáthar d’úsáideoirí seirbhíse. Tá oifig náisiúnta GSCS tiomanta do thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí FGL do GSCS uile na tíre.

Is tairseach é HSeLanD a chuireann meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha ar fáil ar líne nó i dtimpeallacht i stíl an tseomra ranga. Is féidir eolas a fháil maidir le hOideachas agus Forbairt ar Thairseach GSCS ar www.hseland.ie.  

Reáchtálann an comhlacht gairmiúil, Institiúid na hÉireann um Fhiseolaíocht Tomhais Chliniciúil, comhdháil bhliantúil, chomh maith le roinnt imeachtaí FGL. Is féidir na sonraí go léir a fháil ar shuíomh gréasáin an chomhlachta ghairmiúil, Institiúid na hÉireann um Fhiseolaíocht Tomhais Chliniciúil (IICMP).

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí Pá – Foireann FSS

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi róil éagsúla san Fhiseolaíocht Tomhais Chliniciúil:

Pedro Costa, Fiseolaí Riospráide 

William Neylon, Fiseolaí Cairdiach