Cúntóirí Cúraim Sláinte ag obair sa tSeirbhís Tacaíochta Baile ag tacú le daoine scothaosta fanacht ina gcónaí sa bhaile

Agus iad ag dul anonn in aois, b’fhearr le cuid mhór daoine fanacht ina gcónaí sa bhaile.  Bíonn an tseirbhís Tacaíochta Baile ag obair le daoine agus lena dteaghlach leis sin a bhaint amach. I gcás Cúntóirí Cúraim Sláinte atá ag obair sa tseirbhís Tacaíochta Baile, baineann siad leas as a scileanna cúraim, comhbhá agus taithí ar an saol agus iad sa ról riachtanach seo, is é sin ag tacú le daoine scothaosta cónaí sa bhaile agus na daoine agus earraí is tábhachtaí ina saol thart orthu. Aithnítear nach ionann aon bheirt agus go mbíonn a roghanna agus a riachtanais féin ag gach duine.

Mar sin, bíonn plean tacaíochta pearsanta an duine a úsáideann an tseirbhís mar threoir ag an gCúntóir Cúraim Sláinte atá ag obair sa tseirbhís Tacaíochta Baile. Bíonn Cúntóirí Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile ag obair i ról ina mbíonn siad ag plé go díreach leis an bpobal in éineacht le baill eile den fhoireann ildisciplíneach. Mar sin, tá ról fíorthábhachtach acu i gcomhthéacs an ghealltanais atá tugtha ag FSS go dtabharfar tacaíocht do dhaoine scothaosta cónaí sa bhaile ar feadh tréimhse níos faide.

Bí linn ar cheann dár bhfoirne Tacaíochta Baile le go mbeidh tú in ann difear a dhéanamh do shaol daoine scothaosta atá ina gcónaí sa bhaile.

elderly woman smiling up at a woman

Na sochair a chuirimid ar fáil

Tá seirbhísí tacaíochta Baile FSS sa tóir ar Chúntóirí Cúraim Sláinte, idir chúntóirí nuacháilithe agus daoine a bhfuil taithí acu sa ról, le bheith mar bhaill dár bhfoirne sároilte ar fud na tíre.

Is mór againn ár bhfostaithe, seo cuid de na sochair a chuirimid ar fáil dóibh mar bhaill de FSS:

* Forbairt agus Fás Gairmiúil

* CCF (Clár Cúnaimh d’Fhostaithe)

* Deiseanna dul chun cinn

* Áiteanna oibre cóngarach don bhaile

* Cothromaíocht oibre is saoil

* Aitheantas d’fhostaithe

* Scéim pinsin

*Scéim um rothaíocht chun na hoibre

* Comhar Creidmheasa Bhaill Foirne na Seirbhísí Sláinte

* Tairseach Ríomhfhoghlama agus Forbartha

* Aonad Sláinte agus Folláine

Male carer assisting a male patient

Tuilleadh eolais faoi ról an Chúntóra Cúraim Sláinte sa tSeirbhís Tacaíochta Baile

Tá ról an-tábhachtach ag an gCúntóir Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile) in iarrachtaí le caighdeán saoil daoine a fheabhsú agus le scoiteacht agus uaigneas a laghdú, obair a dhéanann an-difear i saol na ndaoine a úsáideann na seirbhísí seo.

Gné thábhachtach den obair seo ná an teagmháil a bhíonn ag an gCúntóir Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile) leis na cliaint le caighdeán a saoil a fheabhsú agus leis an scoiteacht agus uaigneas a bhraitheann siad a laghdú, obair a dhéanann an-difear i saol na ndaoine a úsáideann na seirbhísí seo.

Cliceáil anseo le hamharc ar liosta na ndualgas a bhíonn ar an gCúntóir Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile). Cliceáil anseo más mian leat amharc ar shonraí eile, na critéir cháilitheachta ina measc.

Tim Moynihan ón tSeirbhís Tacaíochta Baile agus cur síos aige ar a lá oibre agus an tionchar atá ag úsáideoirí na seirbhíse air.

Cliceáil ar an bhfíseán go bhfeice agus go gcloise tú an méid atá le rá ag Noreen Cremin, Comhordaitheoir Earcaíochta HCSA, faoin ról.

Cláraigh do spéis

Cliceáil anseo agus seolfar foláireamh ríomhphoist gach seachtain chugat faoi fholúntais in FSS i do rogha ceantar.

Má tá íocaíocht Leasa Shóisialaigh á fáil agat faoi láthair agus más mian leat eolas a fháil lena dheimhniú an imreodh glacadh le fostaíocht tionchar ar an íocaíocht seo, cliceáil anseo chun teacht ar Mheastóir Sochair Oibre na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Má tá tuilleadh eolais uait, féach liosta na dteagmhálacha don Oifig Tacaíochta Baile is cóngaraí duit ar an leathanach seo

Cláraigh ar an Mol Gairmeacha le haghaidh fógraí seachtainiúla post lena chinntiú go gcuirfear ar an eolas thú faoi gach folúntas a thiocfaidh chun cinn.

two women talking