Réigiúin Sláinte FSS

Tá athrú ó bhonn ag teacht faoi láthair ar sheirbhís sláinte na hÉireann a mhúnlóidh todhchaí na sláinte agus an chúraim shóisialta in Éirinn.

Cruthaíodh sé réigiún sláinte nua lena cheadú d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cúram níos sábháilte agus níos fearr a sholáthar a dhéantar a phleanáil agus a chistiú ar aon dul le riachtanais sláinte áitiúla agus réigiúnacha. Tá gach réigiún freagrach as cúram ospidéil agus pobail araon a sholáthar do dhaoine sa cheantar sin – tugtar cúram comhtháite air seo.

Eagraíocht aonair atá in FSS go fóill agus oibrítear na réigiúin faoi rialú Bhord FSS.

Scrollaigh síos chun teacht ar eolas breise nó cliceáil ar an léarscáil thíos leis an méid a chuirtear ar fáil i ngach Réigiún Sláinte a fhiosrú.

FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt FSS an Iarthair Láir FSS an Iarthair Láir FSS an Iardheiscirt FSS an Iardheiscirt FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt FSS Bhaile Átha Cliath agus Lár na Tíre FSS Bhaile Átha Cliath agus Lár na Tíre FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt

An fáth a bhfuil sláinte agus cúram sóisialta á gcomhtháthú againn de réir réigiúin

Tá mar aidhm ag an tseirbhís sláinte athstruchtúraithe cabhrú le daoine a bheith sláintiúil ina dtithe agus ina bpobail féin ar feadh chomh fada agus is féidir.

Tá sé seo á dhéanamh trí chúram príomhúil agus trí chúram pobail a fhorbairt agus a fheabhsú. Seo an cúram is féidir le daoine a fháil gan orthu dul go dtí an t-ospidéal.

Is féidir linn cur chuige atá dírithe níos mó ar an othar a ghlacadh i leith cúram sláinte trí sheirbhísí sláinte pobail agus ospidéil a thabhairt le chéile.

I measc na seirbhísí a oibríonn as lámh a chéile i ngach réigiún, tá:

  • ospidéil
  • seirbhísí cúraim phríomhúil, cosúil le cógaslanna agus lialanna dochtúirí
  • seirbhísí pobail
  • seirbhísí cúraim shóisialta
  • soláthraithe poiblí agus príobháideacha
  • gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta
  • seirbhísí san earnáil dheonach
Slaintecare image

An méid a dhéanfaidh na réigiúin sláinte:

  • ár seirbhísí a phleanáil agus a sholáthar bunaithe ar riachtanais ar leith daoine i ngach limistéar
  • an bealach a chuirtear na seirbhísí seo ar fáil agus a ghlacann daoine le freagracht astu a fheabhsú
  • na cinntí a dhéantar go háitiúil a neartú trína chur ar chumas réigiún a gcúram féin a phleanáil, a bhainistiú agus a sholáthar
  • caighdeán comhsheasmhach cúraim a sholáthar fud fad na tíre, agus freagracht á cur ar Ionad FSS as caighdeáin ar fud na réigiún a chinntiú

Tá a mbuiséad agus a bhfoireann ceannaireachta féin ag gach réigiún agus tá freagracht orthu as na cinntí a dhéantar go háitiúil. Leanann siad ag obair i dtreo bhaint amach chuspóirí Sláintecare – an cúram ceart a sholáthar san áit cheart, ag an am ceart.

Imríonn luacha FSS – Cúram, Atrua, Iontaoibh agus Foghlaim – tionchar ar gach rud a dhéantar sna Réigiúin Sláinte. Spreagtar i ngach Réigiún Sláinte FSS cultúr ina gcloíonn an fhoireann go léir leis na luachanna seo gach lá, de réir mar a idirghníomhaíonn agus a dhéileálann siad le comhghleacaithe agus le baill den phobal.

Physiotherapist with a patient

FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt
An tIarthar agus an Iarthuaisceart

FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt
An tOirthuaisceart

FSS Bhaile Átha Cliath agus Lár na Tíre
Baile Átha Cliath agus Lár na Tíre


FSS an Iarthair Láir
an Iarthair Láir

FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt
an Oirdheiscirt

FSS an Iardheiscirt
an Iardheiscirt