Ár nDaoine in Ospidéal Ollscoile Luimnigh

5 Nóiméad le Pedro Costa, Fiseolaí Riospráide

Más spéis leat obair mar Fhiseolaí Riospráide in UHL, cliceáil anseo

Cén chaoi a dtosaíonn do lá?

Dia bhur mbeatha, is mise Pedro agus is as an bPortaingéil dom ó dhúchas. Oibrím mar Fhiseolaí Riospráide san Aonad Feidhme Scamhógaí ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh, áit a ndéanaim tástálacha éagsúla ar na scamhóga. Chríochnaigh mé mo chéim i bhFiseolaíocht Chliniciúil in 2022 agus bhog mé go hÉirinn i Márta 2023 agus tá taitneamh á bhaint agam as ó shin. Nuair nach mbím ag obair is gnách dom mo chuid ama a chaitheamh i mbun aclaíochta, ag féachaint ar scannáin, ag dul amach ar siúlóidí agus ag dul amach le mo chairde! Is gnách go n-éirím, nuair a bhím ag obair, ag thart ar a leathuair tar éis a sé ar maidin, ithim roinnt bricfeasta agus ullmhaím mé féin sula n-imím. Siúlaim go dtí agus ón obair gach lá, de ghnáth. Tosaím an obair ag a hocht a chlog, ach bím ann beagán luath, de ghnáth, chun go mbíonn an t-am agam chun mé féin a ghléasadh agus ár dtrealamh a chalabrú.

Cad a tharlaíonn ar do ghnáthlá oibre?

Déanaimid roinnt scrúduithe éagsúla inár rannóg. Ar ghnáthlá, dhéanfainn ár dTástálacha Feidhme Scamhóige (PFTanna) caighdeánacha, Spiriméadracht, Acmhainn Idirleata (DLCO) agus Toirteanna Scamhóige san áireamh. Is féidir linn feidhm scamhóige gach othair a thástáil le PFTanna chun diagnóisiú agus monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar neamhoird análaithe, cosúil le plúchadh, COPD agus cinn eile. Déanaimid tástálacha ar fhreagairt do bhroncaileathóir ar roinnt othar féachaint an dtagann aon fheabhas ar a n-análú.

Seachas PFTanna, is féidir linn Tástálacha Aclaíochta Cardascamhógaí (CPET) a dhéanamh, ina ndéanaimid breathnú ar acmhainn agus ar theorainneacha aclaíochta agus ar fhreagairt na scamhóg agus an chroí. Is sárthástáil í le plúchadh atá spreagtha ag aclaíocht a mheas, cóir leighis a chur ar othair atá i ngátar nó a bhféadfadh ocsaigin bhreise a bheith ag teastáil uathu agus déantar freisin í le haghaidh measúnuithe réamhobráide. Nuair a dhéantar CPET, bíonn ar a laghad beirt fhiseolaithe sa tsaotharlann i gcónaí againn le sábháilteacht othar a chinntiú, agus cuireann seo dinimic éagsúil ar fáil freisin le mo chomhghleacaithe.

Chomh maith leis sin, déanaimid Staidéar ar Chodladh, nó Polashuanagrafaíocht, ar tástálacha iad a úsáidtear le neamhoird chodlata, Aipnia Chodlata, go mór mór, a dhiagnóisiú. Cuirtear i gcuntas ann gníomhaíocht na hinchinne, an leibhéal ocsaigine san fhuil, ráta an chroí agus análú i rith codlata, agus tástáil an-suimiúil í le déanamh mar thoradh air sin agus bíonn an-éileamh uirthi mar gheall go dtugtar go leor eolais inti do chórais éagsúla fhiseolaíocha.

Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.

Maidir lenár bhfoireann, tá an t-ádh orm go n-oibrím le comhghleacaithe a thugann an oiread sin tacaíochta dom. Pé uair a bhíonn ceisteanna agam faoi thorthaí nó nuair nach mbím eolach ar ábhar ar leith, is eol dom gur féidir liom brath orthu chun cabhrú liom agus oideachas a chur orm i dtimpeallacht shábháilte. Braithim an-chompordach ag an obair mar gheall go gcabhróidh mo chomhghleacaithe liom i gcónaí nuair is gá.

Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?

Is é an rud is mó a thaitníonn liom faoin bpost ná an caidreamh lenár n-othair. Is minic go gcaithimid go leor ama ‘duine le duine’ leo mar gheall go nglacann sé roinnt mhaith ama chun na tástálacha seo a dhéanamh. Caithfidh othair go leor iarrachta a dhéanamh chun ár dtástálacha a dhéanamh, agus d’fhéadfadh sin a bheith dian go leor orthu. Is tábhachtach, mar sin, go gcuirimid ar a gcompord iad agus go spreagaimid iad a ndícheall a dhéanamh, agus go gcinntímid ag an am céanna go bhfuil na tástálacha á ndéanamh i gceart. Spreagann an dúshlán seo mé agus déanann sé ár bpost níos suimiúla mar gheall go mbíonn a scéal féin ag gach othar ar theacht isteach dóibh agus de bharr go gcaithimid leo go léir ar bhealach ar leith. Taitníonn sé go mór liom freisin nuair a thagann na hothair seo ar ais agus nuair a thugaim faoi deara gur tháinig feabhas ar a gcaighdeán beatha!

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha san fhoireann san Aonad Feidhme Scamhógaí ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh?

Má tá duine ar bith ag smaoineamh faoi thosú ag obair linn, is cinnte gurb iontach an áit é le tosú ag obair ann nó le do ghairm bheatha a thabhairt chun cinn. Is post thar a bheith sásúil é mar gheall go gcabhróidh tú le difríocht a dhéanamh i saol daoine, de bharr go n-imríonn ár n-obair tionchar ar a gcóireáil, ar a gcógas agus ar an mbainistiú a dhéantar ar riochtaí riospráide. Is iomaí deis oideachais a thiocfaidh aníos, cosúil le ranganna agus ceardlanna, a chabhróidh leat cur le d’eolas agus cuirtear uaireanta maithe oibre ar fáil dúinn, a ligeann dúinn cothromaíocht cheart oibre is saoil a bheith againn, toisc gur gá dúinn go léir aire a thabhairt dúinn féin chun cúram níos fearr a chur ar fáil dár n-othair!