Cad is Printíseach san Obair Shóisialta ann?

Ról nua spreagúil atá sa Phrintíseach san Obair Shóisialta, ról inar féidir leat pá a thuilleamh agus tú ag foghlaim ar do bhealach chun cáiliú mar Oibrí Sóisialta. Tá FSS ag iarraidh fórsa saothair ilchineálach a fhorbairt a mbeidh éagsúlacht ann ó thaobh taithí saoil de.

Tá dhá ghné ag baint leis an bprintíseacht:

  1. Obair sa láthair oibre ar fhoireann FSS chun taithí phraiticiúil a fháil agus scileanna praiticiúla a fhorbairt.
  2. Staidéar lasmuigh den láthair oibre i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, do Mháistreacht Leibhéal 9 san Obair Shóisialta nó Dioplóma Iarchéime sa Staidéar ar Obair Shóisialta.

Cliceáil ar chnaipe an fhíseáin le tuilleadh eolais a fháil faoin gclár.

Más duine comhbhách, lách, eagraithe, acmhainneach thú atá sa tóir ar athrú gairme, atá ag filleadh ar an bhfórsa saothair nó atá ag iarraidh an chéad chéim eile a ghlacadh i do chonair ghairme, b’fhéidir gur seo an deis duitse.

Cén tairbhe atá le baint as an gClár?

Tá na sochair seo a leanas ar fáil ar Chlár an Oibrí Shóisialta Printíseachta i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh:

  •  Fostaíocht shlán íoctha agus tú ag foghlaim leat;
  • Táillí an chúrsa i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh iomlán urraithe don Mháistreacht san Obair Shóisialta (CNC Leibhéal 9);
  • Taithí phraiticiúil fíor-ama agus tacaíocht agat ó Mheantóir san Obair Shóisialta atá iomlán cáilithe agus cláraithe le CORU;
  • Conair ghairme shoiléir – gealltanas go bhfaighidh tú fostaíocht bhuan tar éis duit clárú CORU a bhaint amach.

Ceangail linne le do shaolsa a athrú agus ceangail leosan lena saolsan a athrú.

Lecturer addressing students

Éistimis lenár bhFoireann

Tá ár nOibrithe Sóisialta mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Bíonn ár nOibrithe Sóisialta ag obair i réimse leathan láithreacha le teacht ar réiteach fadhbanna agus le hathrú fiúntach a bhaint amach. Maidir leis na fadhbanna agus dúshláin a thagann chun cinn, baineann siad le timthriall iomlán na beatha – cuir i gcás géarchéim nó éigeandáil, nó tacaíocht, eolas agus comhairle a thabhairt do dhuine atá ag dul trí dheacrachtaí nó caillteanas.

Sna físeáin ghearra seo, tá Robert MacLeod ag labhairt faoina ról mar Cheann Foirne Oibre Sóisialta, an Fhoireann Slánchumhdaithe agus Cosanta, agus tá  Nisarg Nagwadia, Oibrí Sóisialta, Meabhairshláinte, ag labhairt faoina chuid oibre le hothair leochaileacha agus pobail imeallaithe.

group of apprentices

Deiseanna Poist

Tá FSS sa tóir ar dhaoine iontacha chun TEACHT isteach sa ról mar Phrintíseach san Obair Shóisialta, chun cur leis an eolas agus tacar sainscileanna atá acu chun aire ardchaighdeáin a thabhairt do dhaoine a bhfuil a ndúshláin féin ag gach duine acu.

Déan athrú, tar ag obair le FSS mar Phrintíseach san Obair Shóisialta.

Seo deis duit Tuilleamh agus Foghlaim, athrú a dhéanamh agus tairbhe a bhaint as gairm fhairsing éagsúil leis an bhfostóir is mó sa Stát.

Táimid ag glacadh le hiarratais! Déan iarratas anseo chun teacht ar ár bhfoireann.

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoin gclár, na critéir cháilitheachta san áireamh.

Is féidir leas a bhaint as Modúl 2 agus 3 den leathanach tacaíochta d’iarrthóirí agus tú ag ullmhú don agallamh.

Cláraigh ar an Mol Gairmeacha le haghaidh fógraí seachtainiúla post lena chinntiú go gcuirfear ar an eolas thú faoi gach folúntas a thiocfaidh chun cinn.

social worker talking to a mother and daughter in an office