Critéir Cháilitheachta don chlár Printíseach san Obair Shóisialta

Cáilíochtaí agus/nó taithí 1. Cáilíochtaí Gairmiúla/Taithí Ghairmiúil Iarratasóirí incháilithe iad iarratasóirí a mbeidh an méid seo bainte amach acu faoi dháta dúnta an chomórtais: (a) Riachtanais Iontrála don Mháistreacht san Obair Shóisialta (MSW) (DCCÉ Leibhéal 9) Ní mór d’iarratasóirí ar a laghad Dara hOnóracha Ghrád 1 i mbunchéim onóracha (CNC, Leibhéal 8) san Eolaíocht Shóisialta nó a comhionann a bheith acu, nó cáilíocht acu ó chlár athghairme faofa ar Leibhéal 8, i.e. an tArd-Dioplóma sa Bheartas Sóisialta, Dara hOnóracha Ghrád 1 ar a laghad, agus trí mhí ar a laghad de thaithí oibre iomchuí curtha i gcrích acu san obair shóisialta nó i réimse a bhaineann le hobair shóisialta.

(b) Riachtanais iontrála don Dioplóma Iarchéime sa Staidéar ar Obair Shóisialta (PDSWS) (DCCÉ Leibhéal 9) Ní mór d’iarratasóirí ar a laghad bunchéim onóracha (CNC, Leibhéal 8) san Eolaíocht Shóisialta nó a comhionann a bheith acu, nó cáilíocht acu ó chlár athghairme faofa ar Leibhéal 8, i.e. an tArd-Dioplóma sa Bheartas Sóisialta, agus trí mhí ar a laghad de thaithí oibre iomchuí curtha i gcrích acu san obair shóisialta nó i réimse a bhaineann le hobair shóisialta. Féadfar Aitheantas Réamhfhoghlama a mheas i gcás iarratasóirí: i. a bhfuil bunchéim onóracha (CNC, Leibhéal 8) acu in aon disciplín agus dhá mhí dhéag ar a laghad de thaithí oibre iomchuí a bheith curtha i gcrích acu san obair shóisialta nó i réimse a bhaineann le hobair shóisialta.

ii. a bhfuil gnáthchéim (CNC, Leibhéal 7) acu san eolaíocht shóisialta nó a comhionann agus Dara hOnóracha Ghrád 1 ar a laghad bainte amach, chomh maith le taithí oibre iomchuí curtha i gcrích acu san obair shóisialta nó i réimse a bhaineann le hobair shóisialta.

iii. féadfar iarratais iontrála a mheas ó dhaoine nach céimithe iad a bhfuil taithí ghairmiúil cúig bliana ar a laghad acu san obair shóisialta nó i réimse a bhaineann le hobair shóisialta. 2. Sláinte Caithfidh iarrthóirí don oifig agus aon duine i seilbh na hoifige a bheith go hiomlán inniúil agus in ann tabhairt faoi na dualgais a bhaineann leis an oifig agus an tsláinte sin a bheith acu a thabharfadh le fios go réasúnta go mbeidís in ann seirbhís rialta agus éifeachtúil a chur ar fáil. 3. Carachtar Caithfidh dea-charachtar a bheith ag gach iarrthóir ar an oifig agus ag aon duine i seilbh na hoifige. Riachtanais eile a bhaineann go sonrach leis an ról: Teacht ar mhodh taistil oiriúnach le riachtanais an róil a shásamh, freastal éigeantach ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, chun an clár acadúil a chur i gcrích san áireamh. Riachtanas is ea inniúlacht ar an mBéarla. Ní mór d’iarrthóirí riachtanais Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a shásamh: Riachtanais Iontrála Iarchéime don Bhéarla | Coláiste na hOllscoile, Corcaigh | Éire