Ár nDaoine i Seirbhísí CAMHS

5 Nóiméad le Mark Smyth

 

Cén chaoi a dtosaíonn do lá?  Is Comhordaitheoir Foirne mé chomh maith le Síceolaí Cliniciúil Sinsearach, mar sin tosaíonn mo lá de ghnáth le ríomhphoist a sheiceáil le feiceáil ar tháinig aon rud práinneach isteach a chaithfidh mé pleanáil a dhéanamh ar an gcaoi a gcaithfidh mé féin nó an fhoireann freagairt dó.  Ag brath ar an méid a tháinig isteach, déanfaidh mé iarracht an t-am a chur in ord tosaíochta i mo dhialann do na rudaí nach féidir fanacht amhail atreoruithe éigeandála, géarú ar riosca do dhaoine óga ar an liosta feithimh nó glaonna fóin ar ais chuig tuismitheoirí atá buartha faoina ndaoine óga. Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo. Tá mé ag obair in CAMHS le 20 bliain anuas & bhain an chuid is mó de seo le CAMHS Shoird i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá an t-ádh dearg orm oibriú le raon leathan comhghleacaithe i teiripe saothair, obair shóisialta, síciatracht, altranas, teiripe urlabhra & teanga agus diaitéitigh. Táimid ag obair le go leor riosca & castacht agus cabhraíonn sé eispéiris agus peirspictíochtaí gairmiúla chomh héagsúil sin a bheith againn le cinntiú gur féidir linn meabhairshláinte duine óig a thuiscint ó raon níos leithne de dhearcthaí agus raon níos leithne d’idirghabhálacha fianaise-bhunaithe a thairiscint chun freastal ar a riachtanais éagsúla. Cad atá i gceist le do ghnáthlá oibre? Tá mo lá measctha idir mo róil mar chomhordaitheoir foirne agus ról síceolaíochta. Déanaim scagadh ar na hathchuir ar fad a thagann isteach gach lá, freastalaím ar an gcruinnú foirne agus ar an gcruinniú atreoraithe, leithdháilim cásanna nua, bainistím an liosta feithimh agus pleanálaim an róta sliotán éigeandála gach seachtain. Glaoim ar ais freisin ar thuismitheoirí / atreoraithe faoi atreoruithe nó amanna feithimh. I mo ról síceolaíochta, tá ualach cásanna cliniciúla agam agus buailim le daoine óga & a dtuismitheoirí gach lá le tuiscint a fháil (measúnú a dhéanamh) ar a gcuid riachtanas tosaigh & leanúnacha agus oibrím ar bhonn teiripeach leo chun a spriocanna a bhaint amach dá dtéarnamh meabhairshláinte. Céard a spreagann thú i do chuid oibre?  Níl sé chomh deacair sin a bheith spreagtha chun an obair seo a dhéanamh.  Bíonn tú spreagtha daoine óga a fheiceáil chomh tapa agus is féidir leat ionas nach gcaithfidh siad fanacht ró-fhada. Nuair a fheiceann tú iad agus nuair a thuigeann tú agus nuair a dhéanann tú ceangal leis an bpian a bhíonn orthu, ar leibhéil an-mhóra pian iad go minic, tagann sé go nádúrtha an spreagadh a bheith agat le iarraidh cabhrú leo a bpian a shárú agus a bhainistiú. Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról? Is maith liom páirt bheag a bheith agam san am i saol duine óig, go hiondúil nuair a bhíonn siad in áit leochaileach. Is pribhléid gan deireadh é go gceadaíonn siad dom a bheith mar chuid dá n-aistear agus cuireann siad muinín ionam a n-eagla is doimhne a roinnt.  Is breá liom a bheith ag siúl cosán an téarnaimh taobh leo agus ag ceiliúradh leo nuair atá a muinín agus a neamhspleáchas tar éis bláthú agus iad réidh le CAMHS a fhágáil tar éis dóibh na spriocanna a bhaint amach a raibh amhras orthu go mbeadh siad in ann a bhaint amach go deo. Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS?  Labhair le duine a oibríonn in CAMHS, tar isteach agus buail le cliniceoir agus fiosraigh an méid a dhéanann siad agus an fáth a ndéanann siad é, seans go dtabharfaidh sé dúshlán d’aon bhoinn tuisceana faoina bhfuil i gceist leis an ról nó leis an obair. Má thaitníonn dúshlán leat, agus foghlaim faoi agus tógáil ar an gcaoi a gcuireann tú do scileanna in oiriúint don éagsúlacht mhór oibre a dhéanfaidh tú agus má tá tú ag iarraidh ard-sásamh poist a fháil ó obair chliniciúil dhíreach, is é seo an áit duitse.