5 nóiméad i gcuideachta Tim Moynihan ón tSeirbhís Tacaíochta Baile i dTrá Lí, Contae Chiarraí.

Cén chaoi a dtosaíonn do lá? Tosaíonn an lá oibre ag a hocht ar maidin. Táim ag obair ar fhoireann de Chúntóirí Cúraim Baile sa tSeirbhís Tacaíochta Baile a thugann cuairt ar ghrúpa faoi leith de dhaoine a úsáideann an tseirbhís i gceantar Thrá Lí. An cuspóir atá againn ná cur chuige duinelárnach a úsáid agus sinn ag tabhairt aire do na húsáideoirí seirbhíse atá faoinár gcúram. Bíonn úsáideoirí na seirbhíse ag tnúth le mo theacht, rud a léiríonn dom go bhfuil ardmheas ag gach duine díobh ar an gcuairt uaimse agus ar an tseirbhís thábhachtach seo. Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.  Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh tacaíocht agat ón eagraíocht a bhfuil tú mar ionadaí di, agus is ríléir an méid sin i gcás m’fhostóirí féin. Seans go mbeidh dúshlán romham am éigin sa lá agus is i gcás mar sin a bhíonn sé riachtanach cúnamh a fháil ón mBainisteoir Líne agus ón Oifig Tacaíochta Baile. Níl aon difear sa chur chuige atá againn amach san iarnóin agus go moch ar maidin, ach is mór an difear a bhíonn ann agus sinn ag plé le daoine faoi leith agus na pearsantachtaí agus riachtanais chúraim éagsúla atá acu. Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre?  Tugaim cuairt ar úsáideoirí seirbhíse a bhfuil riachtanais éagsúla acu. B’fhéidir go mbeadh cúnamh ag teastáil ó úsáideoirí na seirbhíse le gluaiseacht nó le cúram pearsanta chun go mbeidh siad in ann tús a chur leis an lá. De réir mar a imíonn an t-am ar maidin, seans go mbeidh na húsáideoirí seirbhíse tar éis éisteacht leis an raidió nó an nuachtán a léamh. Rachaidh mise i mbun comhrá leo faoi nuacht an lae agus beidh a dtuairimí féin acu. Tugann a dtuairimí léargas go hiondúil ar luachanna a saoil – oideachas iontach domsa é sin. Níor rith sé liom go bhfaighinn léargas mar seo nuair a deineadh Cúntóir Cúraim Baile díom sa tSeirbhís Tacaíochta Baile. Buailim le duine eile ón bhfoireann ar an mbriseadh lóin – sos tábhachtach é seo dúinn. Tar éis an lóin, tugaim cuairt ar an gcéad úsáideoir seirbhíse eile, agus beidh riachtanais chúraim dhifriúla ag an duine seo. Na rialacha is tábhachtaí ar fad atá agam mar Chúntóir Cúraim Sláinte ná an rúndacht agus an tsábháilteacht. Pribhléid atá ann go gcuirtear fáilte romham dul isteach in áras úsáideora seirbhíse agus tá meas agam ar an méid sin. An mhuinín a chuireann úsáideoir seirbhíse ionam – téann sé sin go croí ionam. Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?  Nuair a chuirtear an cheist seo orm faoin rud is mó a thaitníonn liom, an focal a rith liom ná ‘luachanna’. Rud ar leith is ea an mhuinín atá forbartha eadrainn, próiseas dhá threo is ea an chomhairle agus an oideachas, agus is mór agam an buíochas a bhíonn ag an duine a úsáideann an tseirbhís. Bainim an-sásamh go pearsanta as an bpost seo. Táim cinnte faoi rud amháin, más úsáideoir seirbhíse mé sna blianta atá le teacht, b’fhearr liom fanacht i mo bhaile féin. Chuirfinn fáilte chroíúil roimh an té a thiocfadh isteach an doras chun aire a thabhairt dom agus chun mo neamhspleáchas a chothú. Agus na luachanna a bhfuil mé ag baint leas astu anois mar Chúntóir Cúraim Sláinte, chuirfinn ar aghaidh iad chuig an té a bheadh ag tabhairt aire dom amach anseo.