Is é Teicneolaíocht agus Bunathrú chun Feabhais (TBF), (rShláinte roimhe seo) an oifig san FSS atá freagrach as teicneolaíocht a sholáthar chun tacú le seirbhísí cúraim sláinte ar fud na hÉireann. Glacaimid chugainn gach teicneolaíocht ghutha, físe agus cumarsáide sonraí agus soláthraímid aon phointe bainistithe lárnach chun crua-earraí, bogearraí, seirbhísí teileachumarsáide, forbairtí TFC agus seirbhísí comhairleacha a cheannach.
Tá TBF freagrach as cur chun feidhme an Chreata Sláinte Digití, as a chinntiú go gcuireann an teicneolaíocht le cúram sláinte ar bhonn éifeachtach agus éifeachtúil fud fad an chórais.
Is é an fhís atá againn ná córas cúraim sláinte atá dírithe ar othair agus nasctha ar bhonn digiteach chun go mbeidh seirbhís sláinte againn a chumhachtaíonn othair.
Cliceáil anseo chun tuilleadh a fháil amach faoi na feidhmeanna atá againn nó cliceáil ar an gcnaipe físe chun teachtaireacht ónár Príomhoifigeach Faisnéise a fheiceáil.