Táimid ag earcú anois

Is é Ospidéal Ollscoile Luimnigh (UHL) an t-ospidéal géarmhíochaine is mó in FSS an Iarthair Láir, ina gcuirtear seirbhísí éigeandála, máinliachta agus leighis ar fáil ar bhonn othar cónaitheach agus othar seachtrach do dhaonra 410,000 duine. Táimid campas UHL, atá suite i gCathair Luimnigh i Réigiún álainn Iarthar Láir na hÉireann, á fhairsingiú anois againn chun breis agus 100 leaba leighis nua a chur ar fáil.

Beidh seomraí en suite i ngach barda nua nua-aimseartha ina gcuirfear níos mó príobháideachais agus dínite ar fáil dár n-othair.

Cuirtear na cleachtais oibre is nua-aimseartha ar fáil iontu freisin dár bhfoireann lena ligeann dóibh an cúram is fearr agus is féidir a chur ar fáil d’othair.

Áit iontach le cónaí agus obair ann

Cathair bheoga nua-aimseartha í Cathair Luimnigh ina bhfuil láthair bhríomhar shóisialta, féilte iontacha agus tairiscint iontach mhiondíola. Tá fad taistil níos lú ná 20 nóiméad idir an Chathair agus Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne, áit a gcuirtear nascacht den scoth ar fáil leis an Eoraip, an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá Luimneach suite i Réigiún Iarthar Láir na hÉireann, arb iontach an áit é le cónaí agus obair ann agus ina bhfuil sárbhonneagar, éagsúlacht ollmhór taitneamhachtaí stíle maireachtála agus oideachas den chéad scoth ar féidir teacht air gan stró. Idir áiseanna caitheamh aimsire taobh amuigh agus an spórt, na healaíona, an cultúr agus an traidisiún, is féidir leat taitneamh a bhaint as sárchothromaíocht saoil is oibre sa réigiún.

Is iad an fhoireann an tsócmhainn is tábhachtaí atá againn

Tugaimid tús áite dár bhfoireann a fhorbairt chun freastal ar chineál athraitheach an chúraim sláinte chun an cúram othar is fearr agus is féidir a chur ar fáil. Déanaimid é seo trí chláir oiliúna, thaighde agus acadúla intí a dtacaítear leo trí Ollscoil Luimnigh, ár gcomhpháirtí acadúil.

Seo thíos roinnt dár bhfoireann ag trácht ar a róil in UHL trí bhlag agus físeán:

Bernadette Murphy, Cógaiseoir Cliniciúil Sinsearach

Emma McNamara, Iarrthóir ar Altra Ardchleachtóra

Jasmine Thomas, Altra Obrádlainne

Joanne Nally, Príomhchógaiseoir II

Pedro Costa, Fiseolaí Riospráide

William Neylon, Fiseolaí Cairdiach

University Hospital Limerick staff

Deiseanna Poist

Tá foireann uaillmhianach spreagtha á hearcú anois againn d’Ospidéal Ollscoile Luimnigh (UHL) i measc réimse disciplíní chun obair inár mbardaí nua nua-aimseartha, an fhoireann seo a leanas ina measc:

Más spéis leat tosú ag obair lenár bhfoireann éagsúil agus dhinimiciúil ag UHL agus an cúram is fearr agus is féidir a chur ar fáil d’othair i Réigiún an Iarthair Láir, b’aoibhinn linn dá ndéanfá teagmháil linn. Tá fáilte romhat ríomhphost a sheoladh chuig UHLRecruitment@hse.ie má bhíonn aon cheisteanna agat.

Cláraigh ar an Mol Gairmeacha le haghaidh fógraí seachtainiúla post lena chinntiú go gcuirfear ar an eolas thú faoi gach folúntas a thiocfaidh chun cinn.