Tar ag obair linn in CAMHS

Bí mar chuid de chlár uaillmhianach athchóirithe sna Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh (CAMHS), ag obair inár seirbhísí túslíne, ag tacú go gníomhach le leanaí agus daoine óga lena le go mbeidh an deis is fearr acu tairbhe a bhaint as saol sláintiúil agus a lánchumas a bhaint amach.

Tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith ag cur chun cinn na sláinte maithe meabhraí agus acmhainneacht a threisiú i leanaí, daoine óga agus teaghlaigh. Bunús don tsláinte mhaith mheabhrach agus don acmhainneacht ar feadh na tréimhse saoil is ea an fhorbairt shláintiúil mothúchán agus an fhorbairt shóisialta.

Is é an uaillmhian s’againn tosaíocht a thabhairt do chur chun cinn na sláinte maithe meabhraí, idirghabháil a dhéanamh go luath nuair a thagann fadhbanna chun cinn, agus a chinntiú go bhfuil conairí soiléire comhtháite ann i dtreo seirbhísí pobalbhunaithe sláinte meabhraí dóibh siúd a dteastaíonn tacaíochtaí breise uathu.

Seirbhísí sláinte meabhraí speisialaithe is ea seirbhísí CAMHS dóibh siúd suas le 18 mbliana d’aois agus a bhain an tairseach amach ó thaobh diagnóis mheánach go trom de neamhoird sláinte meabhraí agus a dteastaíonn ionchur uathu ó fhoireann sláinte meabhraí speisialaithe ildisciplíneach.

Roghnaigh gairm bheatha thairbheach in CAMHS

Táimid ag lorg idir bhaill foirne nuacháilithe agus bhaill foirne a bhfuil taithí acu, le teacht ag obair lenár bhfoirne pobail CAMHS agus lenár seirbhísí CAMHS d’othair chónaitheacha. Áirítear leis seo Síciatraithe Comhairleach do Leanaí agus d’Ógánaigh, Dochtúirí Neamh-Chomhairleacha Ospidéil, Altraí, Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta, Teiripeoirí Saothair, Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga, Diaitéitigh agus Oibrithe Cúraim Shóisialta, chomh maith le baill foirne riaracháin agus tacaíochta.

Beidh tú ag obair le líonra de ghairmithe ardscileanna sláinte meabhraí, líonra atá i gcónaí ag fás, agus tabharfar spreagadh agus tacaíocht duit i do ghairm bheatha leis an tseirbhís.

Tá tacaíocht forbartha gairmiúla leanúnaí (CPD), ar fáil agus deiseanna chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí, seimineáir agus cláir oiliúna, tabhairt faoi thaighde agus oideachas foirmiúil.

Agus muid ag obair i dteannta a chéile, tabharfaimid faoi aistear claochlaithe seirbhíse; le leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh i gcroílár an uile rud a dhéanaimid.

Éistimis lenár bhFoireann

Caithimis 5 nóiméad le cuid dár mbaill foirne ildisciplíneacha agus éistimis lena bhfuil le rá ag ár saineolaithe faoina n-eispéireas in CAMHS:

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Threoirlínte Oibriúcháin CAMHS, cliceáil anseo

Deiseanna poist

Tar ag obair leis an CAMHS anois agus bí mar chuid d’aistear dinimiciúil claochlaithe seirbhíse.

Bí mar chuid dár bhfoireann éagsúil agus tú ag obair le difríocht a dhéanamh agus lena chinntiú go mbaineann gach leanbh agus duine óg a lánchumas amach.

Féach ar ár ndeiseanna poist ar leathanach na bpost ar shuíomh idirlín an FSS nó anseo

Le haghaidh poist mar Shíciatraí Comhairleach, cliceáil anseo

Déan teagmháil linn ar: youth.mentalhealth@hse.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Le cinntiú go gcuirtear thú ar an eolas faoi gach folúntas amach anseo, cláraigh ar Mhol Gairmeacha an FSS le haghaidh foláirimh sheachtainiúla post