Gairm bheatha ar leith atá ann!

Agus Lá Idirnáisiúnta na gCnáimhseach á cheiliúradh againn ar an 5 Bealtaine 2024, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit a bheith inár bhfoireann de chleachtóirí sainiúla tiomnaithe agus tús a chur le gairm bheatha shásúil agus thaitneamhach linn.
Leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Máithreachais na roghanna feabhsaithe agus sábháilte cúraim do mhná agus dá dteaghlaigh, agus tá ról tábhachtach ag cnáimhseacha i ngach cosán den chúram.
Is tráth spreagúil é le bheith i do Chnáimhseach in Éirinn!

An bhfuil tú ag lorg slí bheatha thaitneamhach sa tSeirbhís Sláinte?

D’fhéadfadh go bhfuil an Cnáimhseachas ar cheann de na bealaí gairme is sásúla agus is luachmhaire a d’fhéadfá a roghnú. Ní hamháin go mbeidh tú ag tacú le mná le linn agus i ndiaidh a dtoircheas agus ag tabhairt beatha nua isteach sa saol, foghlaimeoidh tú scileanna éagsúla agus tú i mbun oibre agus gheobhaidh tú buntáistí iontacha oibre. Aithníonn cnáimhseacha go bhfuil an toircheas, breith linbh agus an tréimhse iarbhreithe ina n-eispéireas sláintiúil agus domhain i saol na mban agus úsáideann siad a n-eolas gairmiúil, a scileanna agus a ndearcadh chun tacú leis an mbean agus a teaghlach, ag obair go neamhspleách agus taobh istigh den fhoireann ildisciplíneach. D’fhéadfadh cnáimhseacha obair a dhéanamh i suíomhanna éagsúla, mar shampla: bardaí agus clinicí réamhbhreithe agus iarbhreithe, seomraí breithe, Aonaid Faoi stiúir Cnáimhseachais (MLUanna), seirbhísí cnáimhseachais pobail, aonaid nuabheirthe, agus obrádlanna cnáimhseachais.

 

Roghnaigh Gairm sa Chnáimhseachas

Tá 19 n-aonad máithreachais ann agus, mar chuid d’fheidhmiú na Straitéise Náisiúnta Máithreachais, tá mórán eile seirbhísí pobail agus leanúnachais cúraim cnáimhseachais á bhforbairt. Cuireann na seirbhísí seo raon éagsúil deiseanna fostaíochta ar fáil thar gach leibhéal taithí agus saineolais. Is féidir le Cnáimhseach Cláraithe a ngairmeacha beatha a chur chun cinn le roghanna do chnáimhseacha sna suíomhanna cliniciúla, bainistíochta, oideachais agus taighde.   Áirítear leis na roghanna seo róil Speisialtóir Cnáimhseachais Chliniciúil agus Ardchleachtóir Cnáimhseachais. Cuirimid deiseanna ar fáil d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach (CPD), chun oideachas foirmiúil a leanúint, taighde a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i gcúrsaí, seimineáir agus cláir oiliúna – saoire staidéir san áireamh. Tá deiseanna ceannaireachta ann agus Pleanáil Forbartha Pearsanta(PDP) chun cabhrú le cnáimhseacha a gcuid taithí agus scileanna a úsáid, agus a gcuid spriocanna gairmiúla agus na tacaíochtaí a theastaíonn chun a gcuid spriocanna a bhaint amach a aithint.

"Is speisialta gach aistear a bhíonn againn le lánúin ..."

a deir Donna McNamee, Cnáimhseach san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais. Tugann sí léargas freisin ar na slite beatha éagsúla atá ar fáil taobh istigh den Chnáimhseachas. Is iad na comhghleacaithe eile a thugann léargas ar a gcuid taithí agus paisean don ghairm ná:

  • Sean Dowling, Cnáimhseach in Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath
  • Orla Mongan, Ceannaire Cliniciúil Sealoibre ag Aonad Máithreachais Loch Garman
  • Joann Malik, Iarrthóir ar Ardchleachtóir Cnáimhseachais ag Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí

Tar ag obair leo agus bí mar chuid de chor uathúil i saol duine!

Ná caill amach ar na deiseanna dochreidte seo chun cur le do ghairm bheatha

Má tá tú i do chónaí agus ag obair mar bhean chabhrach thar lear ba bhreá linn tú a fheiceáil ag filleadh ar Éirinn. Tá dhá bhealach chun bheith i do chnáimhseach in Éirinn (oiliúint) – an bealach iarchlárúcháin d’Altraí Ginearálta Cláraithe (Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas) agus an bealach fochéime (BSc. (Onóracha) sa Chnáimhseachas). Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar Chlár Urraíochta agus Earcaíochta FSS (Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas). Faigh tuilleadh eolais ar thosú amach le gairm sa chnáimhseachas ach cliceáil ar an nasc NMBI seo. Féach ar ár ndeiseanna oibre ar leathanach na bpost ar shuíomh idirlín an FSS nó anseo. Le cinntiú go gcuirtear thú ar an eolas faoi gach folúntas, cláraigh ar an Mol Gairmeacha le haghaidh foláirimh sheachtainiúla post