Cén tslí le bheith i mo Chnáimhseach?

Is gairm luachmhar é an cnáimhseachas a bhfuil ardmheas air. Tugann cnáimhseacha tacaíocht do mhná agus do theaghlaigh le linn toirchis, agus leanbh á shaolú, agus le linn na tréimhse iarbhreithe. Mar chnáimhseach, cuireann tú cúram duinelárnach ar fáil, ag fí comhbhá agus saineolas cliniciúil ina chéile chun torthaí sláinte a fheabhsú do mháithreacha agus do naíonáin nuabheirthe. Cuireann gairm sa chnáimhseachas deiseanna ar fáil le haghaidh fás gairmiúil, speisialtóireachta agus foghlaim ar feadh an tsaoil, rud a fhágann gur conair é a thugann cumhacht dóibh siúd ar mian leo cabhrú le daoine eile.

In Éirinn, tá dhá chonair ann chun bheith i do chnáimhseach cláraithe:

  1. Bealach Fochéime – Is cúrsa 4 bliana é seo – Baitsiléir Eolaíochta (BSc) sa Chnáimhseachas (Onóracha) – féach cúrsaí ceadaithe
  2. Bealach Iar-Chlárúcháin (d’Altraí) -Má tá tú cláraithe cheana féin mar Altra Ginearálta Cláraithe (RGN), is féidir leat Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas a dhéanamh atá urraithe ag FSS. 18 mí ar fad a mhaireann sé seo de ghnáth.

Tá tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Do ról le FSS

Agus tú cáilithe don ról, caithfidh tú clárú le Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, i.e. an rialálaí altranais agus cnáimhseachais in Éirinn.

Cuireann an cnáimhseachas raon leathan deiseanna gairme ar fáil i suíomhanna ospidéil agus pobail, lena n-áirítear bardaí réamhbhreithe agus iarbhreithe, seomraí breithe, clinicí, Aonaid faoi Stiúir Cnáimhseach, cúram nuabheirthe, ultrafhuaim, róil speisialtóra, obrádlanna máithreachais agus gnéithe de shláinte na mban.

Mar chnáimhseach, is ball lárnach den fhoireann ildisciplíneach thú. Oibríonn tú in éineacht le hobstatraithe, gínéiceolaithe, gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, agus baill foirne tacaíochta chun cúram cuimsitheach a chur ar fáil do mhná agus dá naíonáin roimh an toircheas, lena linn agus ina dhiaidh.

Is minic gurb é an cnáimhseach an príomhghairmí sláinte do bhean torrach. Cuireann sé nó sí treoir ghairmiúil, faisnéis fhianaisebhunaithe agus tacaíocht mhothúchánach ar fáil di chun cabhrú léi cinntí eolasacha a dhéanamh ó thús deireadh aistear an toirchis.

Tugann an ghairm dhinimiciúil seo cumhacht duit do chion féin a dhéanamh agus gairm luachmhar inoiriúnaithe a fhorbairt ag an am céanna.

Dul chun cinn Gairme

Conair Chliniciúil:
Cnáimhseach Foirne (Sinsearach), Cnáimhseach Feabhsaithe (Sinsearach)
Cnáimhseach Speisialtóra Cliniciúil, Cnáimhseach Ardchleachtóra

Conair na Bainistíochta:
Cnáimhseach Bainisteora Cliniciúil,  Stiúrthóir Cúnta Cnáimhseachais (ADOM)
Stiúrthóir Cnáimhseachais (DOM), Stiúrthóir Réigiúnach Altranais agus Cnáimhseachais

Conair Oideachais:
Comhordaitheoir Socrúchán Cliniciúil/Oifigeach Leithdháiltí Mac Léinn, Comhordaitheoir Forbartha Cleachtais Cnáimhseachais
Teagascóir/Léachtóir Cnáimhseachais

Taighde agus Forbairt:
Oifigeach an Aonaid Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais, Stiúrthóir Ceantair an Aonaid Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais

Ní liosta cuimsitheach conairí atá thuas. Tá deiseanna eile ann chomh maith lena bhfuil luaite.

Forbairt

Tugaimid deiseanna forbartha gairmiúla agus oideachais agus, dá bharr, cuirtear le scileanna na n-oibrithe agus le caighdeán an chúraim a thugtar.

Tugann an Phleanáil Bhliantúil Forbartha Gairmiúla tacaíocht do chnáimhseacha dul i gcomhar lena mbainisteoirí ar bhealach tacúil le spriocanna pearsanta, gairmiúla agus eagraíochtúla a bhaint amach.

Is é an tAonad áitiúil Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais a thugann tacaíocht le cláir don fhorbairt ghairmiúil leanúnach, cuir i gcás máistir-ranganna, ceardlanna, laethanta staidéir agus comhdhálacha.

Cuireann Ionaid Oideachais Altranais agus Cnáimhseachais Oifig an Stiúrthóra Seirbhísí Altranais agus Cnáimhseachais forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil mar aon le cláir oideachais ar Leibhéal 5–8 de réir chreat Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.

HSELAND, an t-ainm atá ar thairseach FSS, áit a bhfuil fáil ar mheascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga.

Féach na cúrsaí iarchlárúcháin atá ceadaithe ag Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann lenar féidir clárúchán eile a bhaint amach. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach cliceáil ar an nasc
seo
.

Sochair Foirne agus Teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Tairgímid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, i dtimpeallacht thacúil.

Bíonn patrúin éagsúla i gceist le gairmeacha cnáimhseachais ó thaobh sealanna oibre de: laethanta, oícheanta, deireadh seachtaine; is féidir leas a bhaint as an tsolúbthacht, taithí a bhaint amach agus pá breise a fháil as uaireanta neamh-lárnacha.  Bíonn daoine in ann leas a bhaint as an tsolúbthacht agus cothromaíocht ina saol oibre agus eile de bharr na bpatrún oibre seo.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Tá áthas orainn léargas ó chnáimhseacha a oibríonn linn a roinnt. Labhraíonn siad faoin taithí atá acu agus faoina thiomanta atá siad don ghairm: