Ár Seirbhísí

Cuireann an FSS seirbhísí sláinte poiblí agus cúraim shóisialta ar fáil do gach duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Cuirtear ár seirbhísí ar fáil do dhaoine, idir óg agus shean, in ospidéil, áiseanna sláinte agus pobail ar fud na tíre. Tá mórchlaochlú ar bun sa chúram sláinte in Éirinn, ó shamhail cúraim ospidéal-lárnaithe go samhail cleachtaidh ghinearálta, cúraim phríomhúil agus samhail seirbhíse phobalbhunaithe le tús áite don bhaile. Tar linn ar an aistear spreagúil seo.

Sláintecare

Is é fís Sláintecare d’Éirinn ná córas comhtháite sláinte inar féidir le duine, i rith a shaoil, teacht ar chúram sláinte ardchaighdeáin ó ghairmithe cúraim sláinte a bhfuil meas orthu, cúram atá níos gaire dá mbaile agus taobh istigh d’achar réasúnta ama. Nuair a bheidh an cur chuige seo leabaithe ina iomláine, beidh conairí comhtháite cúraim lánfhorbartha againn idir na hearnálacha géarchúraim agus pobail, torthaí feabhsaithe d’othair, seirbhís sláinte níos éifeachtúla agus seirbhís níos fearr d’oibrithe le bheith ag obair inti.

Réigiúin Sláinte

Cuid mhór d’fhís Sláintecare is ea na Réigiúin Sláinte. Grúpálfar le chéile Ospidéil Ghéarmhíochaine agus Eagraíochtaí Sláinte Pobail i sé réigiún mhóra ar a dtugtar Réigiúin Sláinte. I ngach Réigiún Sláinte, déanfar seirbhísí, acmhainní agus rialachas a chomhordú mórthimpeall ar riachtanais an othair ar fud na suíomhanna cúraim uile. Sa tsamhail nua chomhtháite chúraim, beidh an Cúram Pobail Feabhsaithe i gcroílár an bhealaigh a chuirimid cúram sláinte ar fáil. Cabhróidh an cur chun cinn sláinte agus na seirbhísí sláinte poiblí le daoine cónaí go folláin ag an mbaile chun tinneas a chosc. Cabhróidh sé seo lenár seirbhísí géarchúraim, ag cur cóir leighis ar dhaoine a bhfuil riachtanais phráinneacha cúraim acu, ag cinntiú go mbeidh an fhanacht is giorra agus is féidir acu san ospidéal chun go dtiocfaidh biseach orthu agus go rachadh siad ar ais abhaile.