Cé go bhfuil cáil ar Éirinn dá tírdhreach álainn, taobh tíre méith, cósta creagach agus sráidbhailte pictiúrtha, tá cathracha na hÉireann ina mheascán bisiúil den saol nua-aimseartha agus den bheocht le cúlra saibhir cultúrtha. Cliceáil anseo chun tuilleadh a fháil amach
Ag obair d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Tá traidisiún láidir ag seirbhís sláinte na hÉireann maidir le fáilte a chur roimh bhaill foirne ó áiteanna eile timpeall an domhain, agus tá sciar mór d’fhoireann reatha an FSS tar éis bogadh anseo ó áiteanna thar lear. Tá méadú ag teacht ar an tóir ar Éirinn i measc oibrithe cúraim sláinte eachtracha mar gheall ar an bpá agus sochair mhealltacha, an fáil atá ar obair, daoine cairdiúla agus caighdeán saoil den chéad scoth.

Treoir Maidir le Cónaí in Éirinn
Tá a fhios againn gur féidir go leor mothúchán a dhúiseacht nuair a bhogann tú go tír nua, idir sceitimíní agus dhóchas, imní, fhrustrachas agus éiginnteacht. Is féidir linn cabhrú eolas agus comhairle phraiticiúil a chur ar fáil maidir le cónaí agus obair in Éirinn, agus gach rud is gá a bheith ar eolas agat chun an t-aistriú a dhéanamh.

Do Bhealach a Dhéanamh in Éirinn
Tá sé measartha éasca taisteal thart in Éirinn agus tá roghanna iomadúla iompair ann a nascann ceithre airde an oileáin. Tá líonra fairsing bóithre in Éirinn mar aon le nascanna iompair phoiblí, lena n-áirítear traenacha, busanna agus seirbhísí iarnróid éadroim.
