Seimineáir Ghréasáin

Is mian le FSS feasacht a chothú ar dheiseanna gairme in FSS agus aird a tharraingt ar fheachtais earcaíochta atá ar bun. Chuige sin, tá sé ag reáchtáil seimineáir ghréasáin do mhic léinn sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe atá ina mbliain dheireanach. Reáchtáiltear gach seimineár gréasáin le haoi-chainteoir a thugann léargais ar a n-oideachas agus ar a ngairm bheatha go dtí sin.  Téimid tríd an bpróiseas earcaíochta FSS freisin, agus pléimid an méid is féidir le hiarratasóirí a bheith ag súil leis agus iad ag tosú ar a dturas earcaíochta. Cuirimid comhairle ar fáil maidir le céimeanna an iarratais agus an agallaimh, an méid is féidir a bheith ag súil leis nuair atá clárúchán á lorg ó CORU, an méid is féidir a bheith ag súil leis tar éis an agallaimh, agus tuilleadh eile nach iad. Gheobhaidh tú thíos roinnt seimineár gréasáin a réachtáladh le deireanas sna réimsí seo: Fisiteiripe, Teiripe Urlabhra & Teanga; Teiripe Shaothair agus Oibrí Sóisialta le Cáilíochtaí Gairmiúla.

Feachtas Náisiúnta don Ghrád Foirne Fisiteiripe

Labhraímid anseo le Sinead Lanigan, Fisiteiripeoir ar bronnadh céim uirthi le deireanas agus atá ag obair in Ospidéal Naomh Lúcáis, Cill Chainnigh, ó mhí Mheán Fómhair 2023. Tugann Sinead léargas ar a hoideachas agus ar a gairm bheatha go dtí seo agus tugann tuilleadh eolais ar an tacaíocht agus treoir ó thosaigh sí ag obair leis an FSS. Míníonn Sinead chomh maith an cineál agallaimh a bhí aici agus tugann comhairle bhreise sa réimse seo. Téimid tríd an aistear earcaíochta agus ar ar féidir le mac léinn a bheith ag súil leis nuair a chuireann sé nó sí isteach ar ról leis an FSS.

Feachtas Náisiúnta don Ghrád Foirne Teanga agus Urlabhra

D’iarramar ar Aine Walsh, a chríochnaigh a máistreacht le deireanas in Ollscoil Luimnigh agus a tháinig ag obair leis an bhfoireann in Ospidéal Ginearálta Loch Garman i mí Lúnasa 2023 chun réamhrá a thabhairt ar a hoideachas agus ar a gairm bheatha go dtí seo. Tarraingíonn sí aird ar na deiseanna éagsúla atá ar fáil do chéimithe nua agus tugann comhairle maidir leis an bpróiseas agallaimh agus earcaíochta. Déanaimid plé ar an aistear earcaíochta agus ar ar féidir le hiarratasóir a bheith ag súil leis nuair a chuireann sé nó sí isteach ar ról le FSS.

Feachtas Náisiúnta don Ghrád Foirne Teiripe Saothair

Labhraímid le Irina Jackson, ar Bainisteoir Foirne de chuid an Líonra Míchumais do Leanaí í. Thug Irina léargas dúinn ar a gairm bheatha mar Theiripeoir Saothair, tarraingíonn sí aird ar na deiseanna agus ar na conairí éagsúla gairme atá ar fáil do Theiripeoir Saothair san FSS. Thug Irina léargas ar an bpróiseas agallaimh agus cuireann treoir ar fáil do mhic léinn mar ullmhúchán dá n-agallamh. Déanaimid plé ar an aistear earcaíochta agus ar ar féidir le hiarratasóir a bheith ag súil leis nuair a chuireann sé nó sí isteach ar ról le FSS.

 

Oibrithe Sóisialta le Cáilíocht Ghairmiúil

D’iarramar ar Donal Gill, Príomhoibrí Sóisialta in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh chun labhairt linn faoin disciplín seo. Thug Donal léargas dúinn ar a cháilíochtaí oideachais agus ar a ghairm bheatha ghairmiúil 24 bliain inar thosaigh sé amach mar Oibrí Sóisialta Cúraim Cónaithe Leanaí, agus ansin i réimse na Cosanta Leanaí, CAMHS, agus an Ghéarchúraim Míchumais Aosaigh i suíomhanna éagsúla. Thug sé léargas ar an bpróiseas agallaimh agus cuireann treoir ar fáil do mhic léinn mar ullmhúchán dá n-agallamh. Déanaimid plé ar an aistear earcaíochta agus ar ar féidir le hiarratasóir a bheith ag súil leis nuair a chuireann sé nó sí isteach ar ról le FSS.