An bhfuil cead agam a bheith ag obair in Éirinn agus céard é an próiseas le tosú ag obair i seirbhís sláinte na hÉireann?

Náisiúnaithe an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) Níl gá le ceadanna oibre, víosaí ná údaruithe do shaoránaigh LEE ná do Shaoránaigh an AE lena n-áirítear an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe. Mar sin, is féidir le saoránaigh maireachtáil agus obair a dhéanamh in Éirinn gan cead fostaíochta. Le haghaidh sonraí, féach ar  Teacht ón AE/LEE le hobair a dhéanamh to work (citizensinformation.ie) Iarratasóirí nach ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad Más as tír taobh amuigh den LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe thú, teastaíonn cead agus víosa uait chun cónaí agus obair in Éirinn. Le haghaidh sonraí, féach ar Fáilte go EPOS (enterprise.gov.ie) Is dídeanaí mé. An bhfuil cead agam obair a dhéanamh sa tseirbhís sláinte? Fáiltíonn an FSS roimh iarratais ó Náisiúnaigh Neamh-LEE atá cáilithe go cuí agus a bhfuil stádas dídeanaí acu. I gcás Dochtúirí, Altraí agus Cnáimhseach agus Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta Tá fáilte roimh gach gairmí thuasluaite iarratas a dhéanamh ar a gclárúchán le comhlachtaí Éireannacha ábhartha. Le tuilleadh eolais a fháil, féach ar: Comhairle na nDochtúirí Leighis – Clárúchán NMBI – Leathanach Baile, Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann Leathanach Baile – CORU

Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta

 

Is é CORU an rialálaí le haghaidh na ngairmithe sláinte agus cúraim shóisialta. Iarrtar ort clárú le CORU má tá tú i do bhall de na gairmeacha seo a leanas: diaitéitigh, radharceolaithe urghnaimh, eolaithe leighis, teiripeoirí saothair, optaiméadraithe, teiripeoirí fisiceacha, fisiteiripeoirí, cosiatraithe, radagrafaithe/teiripeoirí radaíochta, oibrithe sóisialta, teiripeoirí urlabhra agus teanga. Comhlachtaí gairmiúla eileRialaítear na gairmeacha seo a leanas mar a leanas:

 

•Fiaclóirí – Comhairle Fiaclóireachta na hÉireann •Cógaiseoirí – Cumann Cógaiseoirí na hÉireann •Síceolaithe Cumann Síceolaithe na hÉireann (PSI) •Fiseolaíocht um Thomhas Cliniciúil – Institiúid na hÉireann um Fhiseolaíocht Tomhais Chliniciúil •Bithcheimic Cliniciúil – Cumann Bithcheimiceoirí Cliniciúla in Éirinn (ACBI) •Innealtóireacht Chliniciúil – Cumann Bithleighis / Innealtóireachta Cliniciúla na hÉireann (BEAI)

 

•Eolaíocht Tréleata Chliniciúil – Coláiste Eolaithe Tréleata Chliniciúil na Breataine Móire agus na hÉireann •Comhairleoireacht agus Síciteiripe: –Cumann na hÉireann do Chomhairleoireacht agus Síciteiripe (IACP)Comhairle na hÉireann um Shíciteiripe (ICP) •An Fhisici Mhíochaine – Coláiste na hÉireann um Fhisiceoirí Míochaine (ICPM) •Ortoptaic – Cumann na hÉireann um Ortoptaigh •Fleibeatóime – Cumann na hÉireann um Fhleibeatóimithe (PAI)